Iarratas a chur isteach agus do chearta eile

I gcás iarratas ar líne, is gá duit an fhoirm iarratais a phriontáil, a shíniú and a scanadh ar ais chugainn. Sula dtosaíonn tú, bíodh do chuid doiciméad aitheantais réidh le huaslódáil agat.


Doiciméid Aitheantais
Eolas maidir leis na doiciméid aitheantais a bheidh ag teastáil uait do d’iarratas. Is féidir leat trí cinn a roghnú ón liosta seo de na cineálacha doiciméad aitheantais a bheidh ag teastáil uait.
 
Tuarascáil Chreidmheasa
Iarratas a chur isteach chun do thuarascáil chreidmheasa a fháil saor in aisce (faoi réir úsáid chothrom).

Tá an fhaisnéis i do thuarascáil chreidmheasa curtha ar fáil don Phríomh-Chlár Creidmheasa ag d’iasachtóir(í). Ní chuireann iasachtóirí aon doiciméid bunaidh, foirmeacha, taifid nó aon doiciméid a bhaineann le d’iasacht chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. 
 
Leasú
Iarratas a chur isteach chun faisnéis atá ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa a leasú má mheasann tú go bhfuil an fhaisnéis sin míchruinn, neamhiomlán nó nach bhfuil sí cothrom le dáta.  Más féidir é, ba cheart duit aon chruthúnas, fianaise nó doiciméid tacaíochta eile a chur chugainn chun tacú le d’iarratas.

Tá an fhaisnéis i do thuarascáil chreidmheasa curtha ar fáil don Phríomh-Chlár Creidmheasa ag d’iasachtóir(í). Ní chuireann iasachtóirí aon doiciméid bunaidh, foirmeacha, taifid nó aon doiciméid a bhaineann le d’iasacht chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Tabharfaimid freagra ort idir 20 agus 40 lá má tá iarratas bailí déanta agat. Is é sin le rá, ní mór duit foirm iarratais a chomhlánú, doiciméid aitheantais a chur ar fáil agus leasú ar fhaisnéis i do Thuarascáil Chreidmheasa a iarraidh.
 
Ráiteas Míniúcháin
Iarratas a chur isteach chun ráiteas míniúcháin 200 focal ar a mhéad a chur ar do thuarascáil chreidmheasa maidir leis an bhfaisnéis atá ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa fút.  Is gá go mbainfidh an ráiteas seo leatsa agus leis an bhfaisnéis a bhaineann leatsa ar do thuarascáil chreidmheasa, agus leo sin amháin.


Pearsanú Amhrasta
Iarratas a chur isteach chun fógra maidir le pearsanú amhrasta a chur ar do Thuarascáil Chreidmheasa má chreideann tú le réasún go raibh nó go bhfuil pearsanú á dhéanamh ag aon duine ort nó go bhfuil aon duine ar tí pearsanú a dhéanamh ort.