Ceisteanna Coitianta

Faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013, tá oibleagáid ar iasachtóirí faisnéis chreidmheasa agus faisnéis phearsanta i leith iasachtaí €500 nó níos mó a thabhairt don Phríomh-Chlár Creidmheasa i gcás ina bhfuil iasacht fós i bhfeidhm. Is é sin le rá, i gcás ina bhfuil íocaíochtaí fós á ndéanamh nó i gcás ina bhfuiltear ag súil go ndéanfar íocaíochtaí.

Cuimsíonn faisnéis chreidmheasa faisnéis chreidmheasa dhearfach, mar shampla íocaíocht a rinneadh, agus faisnéis chreidmheasa dhiúltach, mar shampla íocaíocht nach ndearnadh. Cuireann d’iasachtóir an fhaisnéis seo ar fáil chun cur le do stair chreidmheasa agus chun gur féidir tuarascáil chreidmheasa a chruthú duit.

Chomh maith leis sin, tá oibleagáid orthu stádas creidmheasa gach iasachta a thuairisciú. Cuirfidh sé seo in iúl, mar shampla, má tá aon chaingean dlí glactha, má tá rótharraingt curtha ar ceal, nó má tá cárta creidmheasa tarraingthe siar. Cuirfear in iúl freisin má tá socraíocht déanta nó má tá fiachas díscríofa. Ar deireadh thiar, déanfar aon athshealbhú sócmhainne nó géilleadh saorálach sócmhainne a thaifeadadh anseo freisin. Mura mbeidh aon cheann de na nithe sin thuas i gceist, beidh N/B marcáilte anseo.

Cé go bhféadfaidh go mbeidh iasachtóir faoi urchosc reachta dul sa tóir ar iasachtaí i leith aisíocaíocht iasachta, ní ghlantar an fiach féin le himeacht ama agus féadfar an iasacht a thuairisciú fós don Phríomh-Chlár Creidmheasa.

Ó am go ham, is féidir le Soláthraithe Faisnéise Creidmheasa iasachtaí a dhíol le hiasachtóirí eile. Ciallaíonn sé sin go dtuairisceoidh an Soláthraí Faisnéise Creidmheasa nua an iasacht don Phríomh-Chlár Creidmheasa. Dá bharr sin, athrófar ainm an tSoláthraí Faisnéise Creidmheasa chuig ainm an tSoláthraí Faisnéise Creidmheasa nua ar do thuarascáil chreidmheasa. Ina theannta sin, d’fhéadfadh Soláthraithe Faisnéise Creidmheasa teacht le chéile nó d’fhéadfadh ceann amháin díobh seilbh a fháil ar cheann eile. D’fhéadfadh athrú ainm a bheith i gceist dá bharr sin freisin.

In Alt 3.11 den Chód um Chosaint Tomhaltóirí de chuid an Bhainc Ceannais, leagtar amach na coinníollacha faoinar gá fógra a thabhairt do thomhaltóirí maidir le haistrithe den sórt sin. Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le hathrú ainm, téigh i dteagmháil leis an Soláthraí Faisnéise Creidmheasa atá ainmnithe ar an tuarascáil chreidmheasa.

Féach an liosta iomlán de na Soláthraithe Faisnéise Creidmheasa a chuireann faisnéis chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Úsáidtear an fhaisnéis a chuireann gach Soláthraí Faisnéise Creidmheasa ar fáil, agus an fhaisnéis sin amháin, chun tuarascáil chreidmheasa a chruthú. Níl teacht ag an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar aon doiciméid tacaíochta a bhaineann le hiasacht, ar nós foirmeacha iarratais nó téarmaí agus coinníollacha. Má tá tuilleadh eolais uait maidir le haistriú d’iasachta, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Soláthraí Faisnéise Creidmheasa atá ainmnithe ar do thuarascáil chreidmheasa.

Léigh tuilleadh eolais faoi do chearta.

Faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013, tá an Banc Ceannais freagrach as oibriú an Phíomh-Chláir Creidmheasa. Faoin Acht, ceanglaítear ar iasachtóirí faisnéis phearsanta agus chreidmheasa a thabhairt don Phríomh-Chlár Creidmheasa gach mí.

Chun go bhféadfar tuarascálacha creidmheasa iomlána beachta a chruthú, tá an Banc Ceannais ag súil leis go gcomhlíonfaidh gach iasachtóir a chuid oibleagáidí tuairiscithe faoin Acht. Ciallaíonn sé seo go mbeidh beartais agus nósanna imeachta láidre i bhfeidhm acu chun a chinntiú go mbeidh na sonraí go léir a thabharfar don Phríomh-Chlár Creidmheasa cruinn, iomlán agus cothrom le dáta.

Tá seans ann go gcuirfear faisnéis mhíchruinn, neamhiomlán nó faisnéis nach bhfuil cothrom le dáta chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa de thaisme. Má tharlaíonn sé seo, éilíonn an Banc Ceannais go dtabharfar fógra don Phríomh-Chlár Creidmheasa maidir le haon bhotúin den sórt sin agus beidh an Banc Ceannais ag súil leis go gceartóidh an t-iasachtóir na botúin sin go práinneach.

B’fhéidir go mbeidh ar iasachtóirí teagmháil a dhéanamh leat faoi na forálacha um chosaint sonraí chun an méid a tharla a chur in iúl duit mar aon leis na bearta atá glactha acu chun na botúin a cheartú. Chomh maith leis sin, b’fhéidir go mbeidh ar an iasachtóir agus ar an bhfoireann um Chosaint Tomhaltóirí sa Bhanc Ceannais tuairisc a thabhairt don Choimisiún Cosanta Sonraí.

Is féidir leat cóip de do thuarascáil chreidmheasa a fháil saor in aisce (faoi réir úsáid chothrom).

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil maidir le do chearta. Má tá aon cheisteanna agat maidir le próiseáil do chuid sonraí pearsanta, féach an leathanach maidir le cosaint sonraí, nó téigh go dtí www.dataprotection.ie. Is féidir leat gearán a dhéanamh go díreach leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí freisin ar www.dataprotection.ie.

Tomhaltóirí, daoine aonair, tradálaithe aonair, cuideachtaí agus aon eintitis eile a bheidh lonnaithe sa Stát an tráth a dhéanfar an t-iarratas ar chreidmheas, nó i gcás ina mbeidh an comhaontú creidmheasa faoi rialú ag dlí na hÉireann.
Le himeacht ama, beidh ráthóirí a chuireann ráthaíochtaí nó slánaíochtaí ar fáil i leith comhaontuithe creidmheasa san áireamh freisin.

  • Tithe um Maoiniú Sócmhainní
  • Bainc
  • Comhair Chreidmheasa
  • Gnólachtaí a bhfuil leabhair iasachta faighte acu ó institiúidí airgeadais le blianta beaga anuas
  • Soláthraí creidmheasa ardchostas
  • Údaráis áitiúla
  • GNBS
Ón 30 Meitheamh 2017 Ón 30 Meitheamh 2019  Ón 31 Márta 2018 
Cártaí creidmheasa Comhaontuithe Fruilcheannaigh Iasachtaí Gnó
Morgáistí Iasachtaí ó údaráis áitiúla PCPanna
Rótharraingtí  Maoiniú sócmhainní Soláthraí creidmheasa ardchostas
Iasachtaí pearsanta    

 

Tuairiscítear gach cineál morgáiste don Phríomh-Chlár Creidmheasa. Má tá morgáiste rianúcháin agat agus mura ndéanann an tImscrúdú ar Mhorgáistí Rianúcháin difear duit, tá do mhorgáiste rianúcháin á thuairisciú don Phríomh-Chlár Creidmheasa. Má dhéanann an tImscrúdú ar Mhorgáistí Rianúcháin difear duit, áfach, ní dhéanfar do mhorgáiste a thuairisciú don Phríomh-Chlár Creidmheasa go dtí go mbeidh tairiscint sásaimh agus cúitimh déanta ag d’iasachtóir. Beidh tréimhse ama ar leith ag d’iasachtóir ina dhiaidh sin chun sonraí ceartaithe a thabhairt don Phríomh-Chlár Creidmheasa. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an Imscrúdú ar Mhorgáistí Rianúcháin, féach https://www.centralbank.ie/ga/tomhaltoiri/minithe/miniu---ceard-e-an-timscrudu-ar-mhorgaisti-rianuchain

Thug an Rialtas gealltanas mar chuid de Chlár AE/CAI um Thacaíocht Airgeadais d’Éirinn go bhforbródh sé creat dlíthiúil chun faisnéis airgeadais ar iasachtaithe a bhailiú agus a lárú.
Rinneadh an tAcht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 a bhunú ar mholtaí a rinneadh i dTuarascáil na Meithle Idirghníomhaireachta ar Stair Chreidmheasa. Sa tuarascáil sin, moladh go mbunófaí Príomh-Chlár Creidmheasa chun go réiteofaí laigí a sainaithníodh i dtuarascálacha éagsúla a foilsíodh i ndiaidh na géarchéime baincéireachta.
Is bunachar sonraí náisiúnta é an Príomh-Chlár Creidmheasa a dhéanfaidh an méid seo leanas, ar iarratas chuige sin:

  • tuarascáil chreidmheasa aonair a chur ar fáil d’iasachtaithe ina sonrófar a gcuid comhaontuithe creidmheasa;
  • faisnéis chuimsitheach a thabhairt d’iasachtóirí chun tacú le measúnuithe creidmheasa; agus
  • léargas níos fearr a thabhairt don Bhanc Ceannais ar threochtaí náisiúnta maidir le soláthar creidmheasa.

Ina theannta sin, tacaíonn an Príomh-Chlár Creidmheasa le hoibleagáidí agus feidhmeanna an Bhainc Ceannais, lena n-áirítear cosaint tomhaltóirí, maoirseacht a dhéanamh ar an earnáil airgeadais agus cobhsaíocht airgeadais a chinntiú.

Tá. Tá cláir chreidmheasa i bhfeidhm ar fud an domhain le blianta fada anuas. San AE, tá cláir chreidmheasa i bhfeidhm i bhformhór na mBallstát.

In Éirinn, foráiltear san Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 go mbeidh Banc Ceannais na hÉireann freagrach as córas náisiúnta, éigeantach um thuairisciú creidmheasa a bhunú agus a oibirú, ar a dtabharfar an Príomh-Chlár Creidmheasa.

Cuirtear faisnéis chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa laistigh de chúig lá oibre ó dháta féilire deireanach na míosa roimhe sin.

Tá úsáid an Chárta Seirbhísí Poiblí leagtha amach in alt 263 den Acht Leasa Shóisialaigh 2005. 
 
I Sceideal 5 den Acht sin, tá liosta de chomhlachtaí sonraithe atá ceadaithe chun cártaí seirbhísí poiblí a iarraidh ar dhaoine den phobal. Níl Banc Ceannais na hÉireann san áireamh ar an liosta de chomhlachtaí sonraithe sa Sceideal sin agus, dá bhrí sin, ní féidir leis cárta seirbhísí poiblí a iarraidh ná ní féidir leis glacadh leis an gcárta sin mar fhoirm aitheantais don Phríomh-Chlár Creidmheasa. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil maidir leis na doiciméid aitheantais atá inghlactha.

Cuirfear leis an bhfaisnéis chreidmheasa seo le himeacht aimsire go dtí go mbeidh faisnéis cúig bliana le fáil sa tuarascáil chreidmheasa.

Coinneofar faisnéis phearsanta ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa go ceann tréimhse cúig bliana ón dáta a nglanfar an iasacht.

I gcás iasacht ghníomhach (i.e. iasacht a mbíonn íocaíochtaí fós á ndéanamh ina leith nó a mbeifear a súil leis go ndéanfar íocaíochtaí ina leith), beidh an dá bhliain is déanaí d’fhaisnéis íocaíochta sofhecithe ag an iasachtóir.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go measfar go bhfuil iasacht scortha má chinneann tú í a íoc ina hiomláine nó má tá sí scortha ag an iasachtóir. I gcás iasacht a bheidh scortha tar éis an 30 Meitheamh 2017, beidh an dá bhliain deiridh d’fhaisnéis íocaíochta sofheicthe ag an iasachtóir.

Nuair a shlánóidh an fhaisnéis is sine cúig bliana, déanfar gach iontráil ar leith a scriosadh gach mí ina dhiaidh sin. Déanfar faisnéis maidir le hiasacht scortha a bhaint den tuarascáil chreidmheasa cúig bliana i ndiaidh na híocaíochta deiridh.

Mar shampla, má ghlanann tú iasacht i mí Eanáir 2020, beidh faisnéis a théann chomh fada siar le mí Eanáir 2018 sofheicthe ag an iasachtóir. Beidh an fhaisnéis seo sofheicthe ag an iasachtóir go dtí mí Eanáir 2023 nuair a thosófar ar an bhfaisnéis is sine (i.e. an fhaisnéis a bhí ann i mí Eanáir 2018) a scriosadh ar bhonn míosúil. Beidh an taifead iomlán scriosta faoi mhí Eanáir 2025.

Rinneadh an Príomh-Chlár Creidmheasa a chur chun feidhme ar bhonn céimnithe. Tosaíodh le hiasachtaí do thomhaltóirí ar nós cártaí creidmheasa, morgáistí, rótharraingtí agus iasachtaí pearsanta ar an 30 Meitheamh 2017. Ó shin i leith, tá faisnéis á cur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar bhonn míosúil.

Ón 31 Márta 2018 i leith, tá iasachtóirí airgid agus údaráis áitiúla agus iasachtóirí a sholáthraíonn iasachtaí do ghnóthaí, curtha san áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Ón 30 Meitheamh 2019 i leith, tá faisnéis maidir le fruilcheannach, pleananna conartha pearsanta (PCPanna) agus maoiniú sócmhainní san áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear isteach gach mí, áirítear faisnéis amhail líon na n-íocaíochtaí thar téarma, más ann dóibh, agus méideanna a bheidh fós amuigh.

Tá faisnéis phearsanta agus chreidmheasa á cur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar bhonn míosúil ón 30 Meitheamh 2017 i leith iasachtaí do thomhaltóirí amhail cártaí creidmheasa, morgáistí, rótharraingtí, agus iasachtaí pearsanta. Má bhí aon íocaíochtaí thar téarma ar do chuntas ar an 30 Meitheamh 2017 nó má bhí íocaíochtaí nach ndearnadh ó shin, cuirfear an fhaisnéis sin chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Ón 31 Márta 2018 i leith, tá faisnéis á cur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa ag iasachtóirí maidir le hiasachtaí ó iasachtóirí airgid agus údaráis áitiúla agus maidir le hiasachtaí do gnóthaí. Má bhí aon íocaíochtaí thar téarma ar do chuntas ar an 31 Márta 2018 nó má bhí íocaíochtaí nach ndearnadh ó shin, cuirfear an fhaisnéis sin chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Ón 30 Meitheamh i leith, tá faisnéis á cur isteach ag iasachtóirí maidir le fruilcheannach, pleananna conartha pearsanta (PCPanna) agus maoiniú sócmhainní. Má bhí aon íocaíochtaí thar téarma ar do chuntas ar an 31 Meitheamh 2019 nó má bhí íocaíochtaí nach ndearnadh ó shin, cuirfear an fhaisnéis sin chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Aistríonn sé sonraí chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Faoin Acht Staidrimh 1993, foráiltear gur féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh faisnéis a fháil ó chomhlachtaí poiblí, an Banc Ceannais san áireamh. Tá aistrithe faisnéise den sórt seo ceadaithe faoin dlí um chosaint sonraí freisin. Cuireadh Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí i gcrích sula ndearnadh an t-aistriú seo.

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) oifig náisiúnta staidrimh na hÉireann agus is é an cuspóir atá aici staidreamh a bhailiú, a anailísiú agus a chur ar fáil go neamhchlaonta faoi mhuintir, sochaí agus geilleagar na hÉireann.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar www.cso.ie.

San fhaisnéis phearsanta a choinnítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, áirítear d’ainm, dáta breithe, seoladh, inscne, uimhir ghutháin agus uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP). Ní aistrítear UPSP. Eircode nó uimhir ghutháin chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh.

San fhaisnéis chreidmheasa atá ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, áirítear an cineál iasachta, amhail morgáiste, cárta creidmheasa, rótharraingt, iasacht phearsanta, iasacht gnó, fruilcheannach (FC), PCP etc; an méid atá faighte ar iasacht agus an méid atá gan íoc.

Is é Banc Ceannais na hÉireann an rialaitheoir sonraí don Phríomh-Chlár Creidmheasa agus tá feidhm ag oibleagáidí na Treorach Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an dlí um Chosaint Sonraí.

Is é an CSO an rialaitheoir sonraí don fhaisnéis nuair a aistrítear í agus tá feidhm ag oibleagáidí na Treorach Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an dlí um Chosaint Sonraí.

Ní bhainfidh an CSO úsáid as an bhfaisnéis ach amháin chun críocha staidrimh agus tuairiscithe. Ní dhéanfar aon sonraí a bhaineann le duine inaitheanta a nochtadh le haon roinn rialtais nó le comhlacht eile.

Meabhrán Tuisceana i bhfeidhm idir an Banc Ceannais agus an CSO maidir le rialú agus úsáid na sonraí agus tá sé ar fáil ár leathanach gréasáin ‘An Úsáid a bhaintear as an bPríomh-Chlár Creidmheasa’. 

No míreanna le fáil.