Cabhair

Chun an fhoirm ar líne a chomhlánú, ní mór duit doiciméid iomchuí a chur ar fáil chun go mbeidh an Príomh-Chlár Creidmheasa in ann do chéannacht a fhíorú. Folaíonn an fhaisnéis sin:

  • Céadainm agus sloinne
  • Seoladh
  • Dáta breithe
  • Inscne
  • Uimhir PSP

Daoine aonair

Beidh cruthúnas ar chéannacht ag teastáil uainn chun leanúint le d’iarratas. Tá liosta iomlán de na doiciméad aitheantais inghlactha le fáil anseo.

Glacfar le haon cheann de na doiciméid seo a leanas mar chruthúnas ar sheoladh fad nach mbeidh sé níos sine ná sé mhí:

  • Bille fóntais nó bille líne thalún,
  • Ráiteas ó Bhanc, ó Chumann Foirgníochta nó ó Chomhar Creidmheasa,
  • Aon chomhfhreagras a bheidh dírithe chuig an tomhaltóir ón Roinn Coimirce Sóisialaí nó ó na Coimisinéirí Ioncaim,
  • Aon chomhfhreagras a bheidh dírithe chuig an tomhaltóir ó aon chomhlacht reachtúil nó ó aon ghníomhaireacht Stáit eile,
  • Aon chomhfhreagras a bheidh dírithe chuig an tomhaltóir ó chuideachta árachais maidir le polasaí árachais reatha atá i bhfeidhm.

Beidh aon cheann de na doiciméid seo a leanas inghlactha mar chruthúnas ar uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP):

  • Aon chomhfhreagras a bheidh dírithe chuig an tomhaltóir ón Roinn Coimirce Sóisialaí nó ó na Coimisinéirí Ioncaim agus ar a dtaispeánfar UPSP an tomhaltóra;
  • P21, Measúnú Cánach nó Fógra maidir le Creidmheasanna Cánach,
  • Admháil ar íocaíocht leasa shóisialaigh
  • Cárta liachta/cárta don Scéim Íocaíochta Drugaí,
  • Duillín pá, P60/P45

Ar an leathanach “m’Iarratas” , tá cur síos ar na cineálacha éagsúla iarratais. Is iad seo a leanas na roghanna atá ar fáil:

  • Tuarascáil Chreidmheasa: Ba cheart an cineál iarratais seo a roghnú chun rochtain a fháil ar do Thuarascáil Chreidmheasa ón bPríomh-Chlár Creidmheasa.
  • Ráiteas Míniúcháin a Chur Isteach: Ba cheart an cineál iarratais seo a roghnú chun ráiteas 200 focal ar a mhéad a thabhairt maidir le do chuid faisnéise ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
  • Fógra a thabhairt maidir le Pearsanú Amhrasta: Ba cheart an cineál iarratais seo a roghnú chun fógra a thabhairt maidir le pearsanú amhrasta ar do phróifíl ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Má chreideann tú le réasún go raibh nó go bhfuil pearsanú á dhéanamh ag duine éigin ort nó go bhfuil duine éigin ar tí pearsanú a dhéanamh ort, is féidir leat an t-iarratas seo a úsáid chun fógra a thabhairt don Phríomh-Chlár Creidmheasa.
  • Leasú: Ba cheart an cineál iarratais seo a roghnú chun leasú ar fhaisnéis chreidmheasa i do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh.

Nuair a bheidh an t-iarratas curtha isteach i gceart, osclóidh leathanach “Deimhniú” ina mbeidh achoimre ar na treoracha a bheidh le leanúint chun an t-iarratas a chríochnú. Chomh maith leis sin, osclóidh fuinneog i do bhrabhsálaí ina mbeidh cóip den fhoirm iarratais a bheidh le síniú agus le cur ar aghaidh chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa i dteannta le do dhoiciméid aitheantais. Mura n-osclaíonn an leathanach seo, is feidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil ón leathanach “Deimhiniú” trí chliceáil ar an gcnaipe “Íoslódáil foirm PDF”. Má roghnaigh tú gur theastaigh uait comhfhreagras a fháil leis an ríomhphost, gheobhaidh tú deimhniúchán leis an ríomhphost agus beidh an fhoirm iarratais i gceangal leis.

Chun an fhoirm iarratais a íoslódáil, caithfidh Acrobat Reader a bheith suiteáilte ar do ríomhaire. Is féidir leat an clár a íoslódáil ón nasc seo a leanas: Acrobat Reader.

No míreanna le fáil.