Do Chearta

Ráiteas míniúcháin a chur isteach i do thuarascáil chreidmheasa
Tá ceart agat ráiteas míniúcháin 200 focal ar a mhéad a chur ar do thuarascáil chreidmheasa. Is gá go mbainfidh an ráiteas sin le do chuid faisnéise ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa agus leis an bhfaisnéis sin amháin.


Iarratas a dhéanamh chun do chuid faisnéise a leasú
Tá an ceart agat a iarraidh ar d’iasachtóir agus ar an mBanc Ceannais faisnéis atá ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa fútsa a leasú má chreideann tú go bhfuil an fhaisnéis sin míchruinn, nó neamhiomlán nó nach bhfuil sí cothrom le dáta.


Fógra maidir le pearsanú amhrasta
Tá an ceart agat fógra maidir le pearsanú amhrasta a chur ar do thuarascáil chreidmheasa má chreideann tú le réasún go raibh nó go bhfuil pearsanú á dhéanamh ag aon duine ort nó go bhfuil aon duine ar tí pearsanú a dhéanamh ort.


Do thuarascáil chreidmheasa a fháil
Tá an ceart agat do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh tráth ar bith saor ina aisce (faoi réir úsáid chothrom).
 

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh ár mbileoga eolais maidir le gach ceann de do chearta nó cuir iarratas isteach chun do chearta a fheidhmiú.