Ráiteas Míniúcháin

Tá an ceart agat ráiteas míniúcháin 200 focal ar a mhéad a thabhairt maidir le d’fhaisnéis chreidmheasa ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa. B’fhéidir gur mhaith leat teagmhas nó imthosca a bhaineann le d’iasacht(aí) a mhíniú. B’fhéidir gur mhaith leat úsáid a bhaint as an Ráiteas Míniúcháin chun aird iasachtóra a tharraingt ar ní ar leith.

Beidh do Ráiteas Míniúcháin le feiceáil ag iasachtóir, agat féin nó ag duine a mbeidh cead tugtha agat dó nó di rochtain a fháil ar do Thuarascáil Chreidmheasa.  

Ní hionann an Ráiteas Míniúcháin agus modh chun gearán a dhéanamh nó chun leasú faisnéise a iarraidh. Tá eolas maidir leis an gcaoi chun gearán a dhéanamh le fáil ar https://www.centralbank.ie/contact-us/make-a-complaint.

 

 Bain úsáid as na cnaipí thíos chun iarratas nua a thosú nó chun stádás iarratais reatha a sheiceáil.

 

 

DAOINE AONAIR (tomhaltóir, trádálaí aonair nó aon duine nádúrtha eile ar féidir leis no léi UPSP a chur ar fail)

 

EINTITIS NEAMHDHAONNA (cuideachta, eintiteas dlíthiúil, nó aon eintiteas eile ar féidir leis uimhir BRN nó CRO nó a coibhéis eachtrach a chur ar fail)

 

 

Chun d’fhoirm a chomhlánú ar líne lean na treoracha ar an scáileán.


Mura bhfuil tú in ann an próiseas seo a chomhlánú ar líne agus más duine aonair thú, féadfaidh tú foirm iarratais a íoslódáil anseo. Comhlánaigh agus seol ar ais é le gach doiciméad riachtanach leis an bpost chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
Más duine aonair tú agus mura bhfuil tú in ann iarratas a dhéanamh ar líne seol ríomhphost chuig myrequest@centralcreditregister.ie

Tógfaidh sé níos mó ama iarratas poist a phróiseáil ná iarratas ar line.