Tuarascáil Chreidmheasa

DAOINE AONAIR (tomhaltóir, trádálaí aonair nó aon duine nádúrtha eile ar féidir leis no léi UPSP a chur ar fail)

Mar dhuine aonair, tá an ceart agat do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh tráth ar bith saor ina aisce (faoi réir úsáid chothrom).

EINTITIS NEAMHDHAONNA (cuideachta, eintiteas dlíthiúil, nó aon eintiteas eile ar féidir leis uimhir BRN nó CRO nó a coibhéis eachtrach a chur ar fail)

Mar eintiteas dlíthiúil, tá an ceart agat do thuarascáil chreidmheasa féin a iarraidh tráth ar bith agus beidh an chéad tuarascáil gach bliain saor in aisce. 

Sular féidir linn do thuarascáil chreidmheasa a eisiúint, ní mór duit iarratas a chomhlánú agus roinnt doiciméid aitheantais a chur ar fáil a bhaineann leat féin.

 

Bain úsáid as na cnaipí thíos chun iarratas nua a chur isteach, chun stádás iarratais reatha a sheiceáil nó chun aon chearta eile a fheidhmiú.

Is gá roinnt eolas pearsanta a chur ar fáil mar chuid de d’iarratas, do UPSP san áireamh. Tá sé seo riachtanach chun a chinntiú go gcuirtear an tuarascáil chreidmheasa cheart chuig an duine ceart agus go gcosnófar do chearta cosanta sonraí.

Breathnaigh ar thuarascáil chreidmheasa shamplach anseo.

 Sular féidir linn do thuarascáil chreidmheasa a eisiúint, ní mór duit iarratas a chomhlánú agus roinnt doiciméid aitheantais a chur ar fáil a bhaineann leat féin agus leis an eintiteas dlíthiúil.

 

Bain úsáid as na cnaipí thíos chun iarratas nua a chur isteach, chun stádás iarratais reatha a sheiceáil nó chun aon chearta eile a fheidhmiú.

Is gá uimhir CRO do chuideachta a chur ar fáil chomh maith le roinnt eolas pearsanta a bhaineann leat féin. Tá sé seo riachtanach chun a chinntiú go gcuirtear an tuarascáil chreidmheasa cheart chuig an duine ceart.

Breathnaigh ar thuarascáil chreidmheasa shamplach anseo.

 

 

Chun d’fhoirm a chomhlánú ar líne lean na treoracha ar an scáileán.


Mura bhfuil tú in ann an próiseas seo a chomhlánú ar líne agus más duine aonair thú, féadfaidh tú foirm iarratais a íoslódáil anseo. Comhlánaigh agus seol ar ais é le gach doiciméad riachtanach leis an bpost chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
Más duine aonair tú agus mura bhfuil tú in ann iarratas a dhéanamh ar líne seol ríomhphost chuig myrequest@centralcreditregister.ie

Tógfaidh sé níos mó ama iarratas poist a phróiseáil ná iarratas ar line.