Pearsanú Amhrasta

 

Fógra maidir le Pearsanú Amhrasta

Má chreideann tú le réasún go raibh nó go bhfuil pearsanú á dhéanamh ag duine éigin ort nó go bhfuil duine éigin ar tí pearsanú a dhéanamh ort, is féidir leat fógra maidir le pearsanú amhrasta a chur ar do thuarascáil chreidmheasa. Is féidir leat an ní a thuairisciú don Gharda Síochána agus do d’iasachtóir freisin.

Bain úsáid as na cnaipí thíos chun iarratas nua a thosú nó chun stádás iarratais reatha a sheiceáil.

 

 

DAOINE AONAIR (tomhaltóir, trádálaí aonair nó aon duine nádúrtha eile ar féidir leis no léi UPSP a chur ar fail)

 

EINTITIS NEAMHDHAONNA (cuideachta, eintiteas dlíthiúil, nó aon eintiteas eile ar féidir leis uimhir BRN nó CRO nó a coibhéis eachtrach a chur ar fail)

 

 

 

Chun d’fhoirm a chomhlánú ar líne lean na treoracha ar an scáileán.


Mura bhfuil tú in ann an próiseas seo a chomhlánú ar líne agus más duine aonair thú, féadfaidh tú foirm iarratais a íoslódáil anseo. Comhlánaigh agus seol ar ais é le gach doiciméad riachtanach leis an bpost chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
Más duine aonair tú agus mura bhfuil tú in ann iarratas a dhéanamh ar líne seol ríomhphost chuig myrequest@centralcreditregister.ie

Tógfaidh sé níos mó ama iarratas poist a phróiseáil ná iarratas ar line.