Cosaint Sonraí

An Príomh-Chlár Creidmheasa - Beartas Príobháideachais maidir le Cosaint Sonraí

Sa bheartas príobháideachais seo, tugtar faisnéis maidir leis na bealaí ina bpróiseálann an Príomh-Chlár Creidmheasa agus Banc Ceannais na hÉireann sonraí pearsanta a thugann iasachtóirí dó i dtaca le hiarratais ar iasachtaí agus le comhaontuithe iasachta de €500 nó níos mó.

Chun críocha na reachtaíochta um chosaint sonraí, is é Banc Ceannais na hÉireann, Sráid Wapping Nua, Cé an Phoirt Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, an rialaitheoir sonraí do shonraí pearsanta a chuirtear ar fáil don Phríomh-Chlár Creidmheasa. An fhaisnéis go léir a bhíonn á coinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, stóráiltear laistigh den Aontas Eorpach í. Má dhéanann iasachtaí  atá lasmuigh den Aontas Eorpach iarratas ar thuarascáil chreidmheasa, freagróimid mar a threoróidh an t-iasachtaí.

Bhunaigh an Banc Ceannais an Príomh-Chlár Creidmheasa faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 (an tAcht). Is ionann an Príomh-Chlár Creidmheasa agus bunachar sonraí éigeantach d’fhaisnéis chreidmheasa. Rinne an Banc Ceannais conradh le CRIF Ireland Ltd., Adelphi Plaza, Sráid Sheoirse Uachtarach, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath (fochuideachta CRIF S.p.A ar lánúinéireacht) chun an Príomh-Chlár Creidmheasa a oibriú. Is é CRIF próiseálaí sonraí an Bhainc Ceannais.

Faisnéis phearsanta a bhailiú agus a úsáid

Faoin Acht, tá oibleagáid ar iasachtóirí faisnéis chreidmheasa agus phearsanta maidir le hiasachtaithe aonair a thíolacadh don Phríomh-Chlár Creidmheasa (féach ‘A bhfuil ar áireamh’). Folaíonn faisnéis phearsanta an méid seo a leanas:
       (a) ainm
       (b) dáta breithe
       (c) inscne
       (d) seoladh reatha agus seoltaí roimhe seo
       (e) uimhir ghutháin
       (f) uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (PPSN)

Tá an fhaisnéis seo ag teastáil chun go bhféadfar iasachtaithe a shainaithint i gceart agus a gcuid iasachtaí a mheaitseáil leo, lena n-áirítear iasachtaí a bheidh acu le hiasachtóirí éagsúla. Déantar an t-eolas seo a stóráil go sábháilte ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa agus ní dhéanfar é a scaoileadh ach amháin i gcás ina n-iarrfaidh iasachtóir nó iasachtaí lena mbaineann rochtain ar an eolas sin; nó i gcás ina dtoileoidh an t-iasachtaí lena mbaineann go scaoilfear an t-eolas seo le duine eile; nó mar a fhoráiltear faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013, faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 nó mar a cheanglaítear nó a cheadaítear de réir dlí nó de réir aon reachtaíochta eile lena mbaineann. Féadfaidh an Banc Ceannais faisnéis a aistriú chuig gníomhaireachtaí stáit agus comhlachtaí forfheidhmithe dlí nuair a mheastar go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach déanamh amhlaidh.

Coinnítear sonraí pearsanta maidir le comhaontú creidmheasa ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa go ceann tréimhse 5 bliana. Tosóidh an tréimhse 5 bliana seo ó dháta na haisíocaíochta deiridh ar an iasacht lena mbaineann. Tá sé tábhachtach go gcoinneoidh an Banc Ceannais an fhaisnéis chun go mbeidh sé ábalta próifíl chreidmheasa chruinn a chur ar fáil maidir le hiasachtaí. Tá an fhaisnéis seo le fáil I do thuarascáil chreidmheasa.

Chomh maith leis sin, tá faisnéis i dtuarascáil chreidmheasa maidir le haon iarratais ar chreidmheas arna ndéanamh ag iasachtaí, amhail cineál na hiasachta agus an méid atá á iarraidh. Coinneofar faisnéis maidir le hiarratais ar chreidmheas go ceann tréimhse sé mhí.

Beidh lorg i dtuarascáil chreidmheasa freisin. Is ionann lorg agus taifead de na dátaí go léir ar ar iarradh tuarascáil chreidmheasa, de chineál agus de chuspóir an fhiosraithe, agus de na dreamanna a d’iarr an tuarascáil.

Féadfaidh an Banc Ceannais úsáid a bhaint as aon fhaisnéis a bheidh á coinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa chun aon fheidhm dá chuid a chomhlíonadh.

Maidir leis an bhfaisnéis atá á coinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, cuireann sí le cobhsaíocht airgeadais agus le cosaint tomhaltóirí trí léargas níos fearr a thabhairt don Bhanc Ceannais ar ghníomhaíocht margaí airgeadais agus trí thacú le ról an Bhainc Ceannais maoirseacht a dhéanamh ar an earnáil airgeadais.

Aon fhaisnéis phearsanta a aistreofar ón bPríomh-Chlár Creidmheasa chuig an mBanc Ceannais, is faoi ainm bréige amháin a chuirfear an fhaisnéis sin ar fail.

Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is téacschomhaid bheaga iad fianáin a chuireann an suíomh gréasáin seo ar do ríomhaire, ar d’fhón cliste nó ar ghléas eile de do chuid. Léigh ár mBeartas Fianán iomlán.

Do chearta

Faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013, tá na cearta seo a leanas ag iasachtaithe i ndáil le faisnéis atá á coinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa:

  • ceart chun ráiteas míniúcháin a chur isteach i do thuarascáil chreidmheasa;
  • ceart chun iarratas a dhéanamh chun faisnéis mhíchruinn, neamhiomlán nó faisnéis nach bhfuil cothrom le dáta a cheartú;
  • ceart chun pearsanú amhrasta a thuairisciú;
  • ceart chun cóip de do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh.

Tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis na cearta seo. Chun do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh nó chun tuarascáil chreidmheasa a iarraidh thar ceann duine éigin eile, ní mór duit doiciméid aitheantais a chur ar fáil.

Faoin reachtaíocht um chosaint sonraí, tá an ceart ag iasachtaithe rochtain a fháil ar shonraí pearsanta fúthu a bheidh á gcoinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa agus chun iarratas a dhéanamh chun faisnéis mhíchruinn, neamhiomlán nó faisnéis nach bhfuil cothrom le dáta a cheartú. Tá an ceart ag iasachtaithe freisin a iarraidh go ndéanfar rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh fad a bheidh breithniú á dhéanamh ag an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar leasú a bheidh iarrtha ag an iasachtaí sin.

Ceisteanna agus gearáin

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn. Nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí sa Bhanc Ceannais ar dataprotection@centralbank.ie nó is féidir leat Fógra Príobháideachais an Bhainc Ceannais maidir le Cosaint Sonraí a léamh. Ina theannta sin, tá an ceart ag pearsana aonair gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí tráth ar bith.

Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí

Rinne an Banc Ceannais Measúnú Tionchair ar Phríobháideachas (PIA) agus Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí (DPIA) thar thréimhse chur chun feidhme céimnithe an Phríomh-Chláir Creidmheasa.

Is é cuspóir an PIA agus an DPIA measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag tabhairt isteach an Phríomh-Chláir Creidmheasa ar phríobháideachas agus ar chearta cosanta sonraí na bpearsana aonair is ábhar d’fhaisnéis chreidmheasa, agus cuidiú le measúnú a dhéanamh ar réitigh fhéideartha ar na rioscaí sin.

Sna hachoimrí feidhmiúcháin den Mheasúnú Tionchair ar Phríobháideachais agus den Mheasúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí, tugtar dearbhú go ndeacthas i ngleic leis na rioscaí sainaitheanta go léir. Tá cóipeanna leasaithe den PIA agus den DPIA ar fáil freisin.