Príobháideachas & Fianáin

Príobháideachas

Aithníonn Banc Ceannais na hÉireann go hiomlán do cheart chun príobháideachais, agus ní bhaileoidh sé aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan cead a fháil uait. Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a thugann tú dúinn i gcomhréir leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, agus i gcomhréir go daingean leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas.

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais i leith an tsuímh gréasáin seo amháin. Nílimid freagrach as ábhar nó cleachtais phríobháideachais aon suíomhanna gréasáin eile atá nasctha leis an suíomh gréasáin agus/nó ón suíomh gréasáin. Aon naisc le suíomhanna gréasáin seachtracha, aithneofar go soiléir iad mar naisc sheachtracha.

Aon athruithe a dhéanfar ar an ráiteas príobháideachais seo, déanfar iad a phostáil ar an suíomh gréasáin seo le go mbeidh tú ar an eolas faoin bhfaisnéis a bhailímid, faoin gcaoi a mbainimid úsáid aisti agus faoi na himthosca, más ann dóibh, ina nochtfaimid an fhaisnéis sin.

Má tá aon cheisteanna nó tuairimí agat maidir leis an ráiteas príobháideachais seo, nó má tá aon imní ort ina leith, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an bPreasoifig ag press@centralbank.ie

Faisnéis phearsanta a bhailiú agus a úsáid

Léigh an ráiteas ón bPríomh-Chlár Creidmheasa maidir le cosaint sonraí.

Fianáin

Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is téacschomhaid bheaga iad fianáin a chuireann an suíomh gréasáin seo ar do ríomhaire, ar d’fhón cliste nó ar ghléas eile de do chuid.

Tá fianáin áirithe riachtanach chun go bhfeidhmeoidh ár suíomh gréasáin. Má dhéantar iad a dhíchumasú, ní oibreoidh an suíomh gréasáin ar roinnt bealaí bunúsacha. Tugtar fianáin fhíor-riachtanacha orthu seo.

Tá fianáin eile ann nach bhfuil riachtanach ach bainimid úsáid astu chun cuidiú linn an suíomh a fheabhsú agus a dhéanamh níos taitneamhaí duit, e.g. trína ligean duit gnéithe ar nós YouTube a úsáid nó trína ligean dúinn eolas a bhailiú faoin gcaoi ina n-úsáideann daoine an suíomh. Tugtar fianáin feidhmíochta, spriocdhírithefeidhmiúlachta orthu seo.

Fianán Céad Pháirtí - Fianán Céad Pháirtí is ea fianán inarb ionann ainm óstach an fhianáin agus ainm fearainn an tsuímh ghréasáin a bhfuil cuairt á tabhairt air. De ghnáth, ní féidir fianáin céad pháirtí a úsáid chun gníomhaíocht thar shuíomhanna gréasáin éagsúla a rianú.

Fianáin Tríú Páirtí - Fianán Tríú Páirtí is ea fianán ina bhfuil ainm óstach an fhianáin éagsúil le hainm fearainn an tsuímh ghréasáin. Is minic a chuirtear Fianáin Tríú Páirtí le suíomh gréasáin de réir mar a chuirtear gnéithe nua isteach sa suíomh, e.g. Físeáin YouTube. Úsáidtear fianáin tríú páirtí go minic le haghaidh fógraíocht dhigiteach.

De réir an dlí, tá cead againn fianáin fhíor-riachtanacha a úsáid fad a thabharfaimid fógra duit fúthu. Teastaíonn do thoiliú uainn, áfach, sula n-úsáideann muid aon chineál fianán eile.

Déantar sonraí teicniúla maidir le cuairteanna ar an suíomh gréasáin seo a logáil chun críocha staidrimh, agus is é an Banc Ceannais amháin a bhainfidh úsáid as an bhfaisnéis sin, agus is chun críocha staidrimh amháin a bhainfidh sé úsáid aisti, chun cuidiú linn inúsáidteacht agus inrochtaineacht ár suímh gréasáin a fheabhsú.

Bainimid úsáid as Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin a chuireann Google, Inc. ("Google") ar fáil, chun staidreamh i dtaca lenár suíomh gréasáin a bhailiú. Bainfimid úsáid as an bhfaisnéis a bhailítear chun seirbhísí gréasáin a fheabhsú dár gcuairteoirí. Baineann Google Analytics úsáid as fianáin chun seisiúin úsáideora a shonrú, rud a thugann deis chun sonraí tábhachtacha a bhailiú faoin úsáid atá ár gcuairteoirí ag baint as an suíomh. Fianáin an chéad pháirtí amháin a úsáideann Google Analytics chun sonraí a anailísiú. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na fianáin nasctha le feara(i)nn ár suímh gréasáin, agus is ar mhaithe le hanailís staidrimh a bhaineann le d’iompraíocht brabhsála ar ár suíomhanna gréasáin a úsáidfimid sonraí na bhfianán sin. Más mian leat, is féidir leat diúltú d’fhianáin ach iad a mhúchadh sna socruithe sainroghanna ar do bhrabhsálaí.

Déantar do sheoladh IP a chiorrú leis an ochtréad deiridh sula stóráiltear é agus úsáid á baint as modh "_anonymizeIp()".

Is féidir leat a roghnú nach ndéanfaidh Google Analytics rianadh ort ach Google Analytics Opt-out Browser Addon do do bhrabhsálaí reatha gréasáin a íoslódáil agus a shuiteáil: Google Analytics Opt-out Browser Add-on.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Google Analytics, téigh go dtí suíomh idirlín Google.

Is é beartas an Bhainc Ceannais gan eolas teicniúil den chineál sin a bhaineann le cuairteoirí faoi leith chuig an suíomh gréasáin a nochtadh le tríú páirtithe (cé is moite dár soláthraí seirbhísí Idirlín, a thaifeadann na sonraí sin thar ár gceann agus atá faoi réir forálacha rúndachta ina leith sin), ach amháin má thugtar air an t-eolas sin a nochtadh faoin dlí. Ní dhéanfaidh an Banc Ceannais aon iarracht cuairteoirí faoi leith a aithint, ná na mionsonraí teicniúla thuas a mheaitseáil le duine ar bith.

Ní hionann sonraí teicniúla, nach féidir linn a mheaitseáil le duine inaitheanta, agus 'sonraí pearsanta' chun críocha na reachtaíochta maidir le cosaint sonraí.

Conas fianáin ar an suíomh gréasáin seo a bhainistiú

Nuair a thabharfaidh tú cuairt ar ár suíomh gréasáin den chéad uair, cuirfimid ar an eolas tú maidir leis na cineálacha fianán a úsáidimid. Ansin, tabharfaimid rogha duit an suíomh gréasáin a úsáid:

  • ar bhonn fianán atá fíor-riachtanach
  • ar bhonn fianán atá fíor-riachtanach agus ar bhonn fianán eile atá liostaithe thíos

Chun an suíomh gréasáin a úsáid ar bhonn fianán atá fíor-riachtanach amháin, cliceáil ar ‘Socruithe Fianán’ nuair a thaispeánfar an teachtaireacht maidir le fianáin den chéad uair. Ansin:

  • Déan cinnte go bhfuil toiliú le fianáin múchta i gcás na bhfianán feidhmíochta, spriocdhírithe agus feidhmiúlachta go léir (Nóta: beidh toiliú múchta mar réamhshocrú an chéad uair a úsáidfidh tú an suíomh gréasáin seo)
  • Cliceáil ar ‘Sábháil Socruithe’

Más mian leat do thoiliú a thabhairt dúinn cineálacha fianán eile a úsáid, cliceáil ar ‘Glac le Gach Fianán’ nuair a thaispeánfar an teachtaireacht maidir le fianáin den chéad uair. Nó, is féidir leat:

  • Cliceáil ar an deilbhín fianán ag bun an leathanaigh ghréasáin ar chlé agus déan cibé roghanna atá uait

Is féidir leat na sainroghanna fianán a athrú tráth ar bith. Chun déanamh amhlaidh, cliceáil ar an deilbhín fianán

 

Fianáin Fhíor-Riachtanacha

Tá na fianáin seo ag teastáil chun go n-oibreoidh ár suíomh gréasáin. De ghnáth, ní úsáidtear iad ach chun freagairt d’iarratais a dhéanann tú ar an suíomh gréasain, e.g. chun do chuid sainroghanna fianán a shocrú. Ní stóráiltear aon fhaisnéis inaitheanta phearsanta sna fianáin seo. Is féidir leat do bhrabhsálaí a shocrú chun na fianáin seo a bhlocáil nó chun foláireamh a thabhairt duit ina leith, ach ní oibreoidh codanna áirithe den suíomh má dhéanann tú amhlaidh.

Fianáin Céad Pháirtí

Óstach Fianáin  Ainm Fianáin  Sonraí Fianáin 
 Centralcreditregister.ie   _RequestVerificationToken  Cur síos: Is fianán frithbhrionnach é seo arna shocrú ag feidhmchláir ghréasáin a tógadh le teicneolaíochtaí ASP.NET MVC. Tá sé ceaptha cosc a chur le postáil neamhúdaraithe ábhar ar shuíomh gréasáin, ar a dtugtar Brionnú Iarratais  Cros-Suímh. Ní stóráiltear aon fhaisnéis maidir leis an úsáideoir ann agus scriostar é nuair a dhúntar an brabhsálaí.
Saolré: Fad seisiúin an úsáideora

 

Fianáin Tríú Páirtí 

Ceann ar bith.

 

Fianáin Feidhmíochta

Leis na fianáin seo, is féidir linn ár suíomh gréasáin a rianú sa chaoi go mbeimid ábalta feidhmíochta a thomhas agus a fheabhsú. Cuidíonn siad linn a fháil amach cé na leathanaigh is mó a bhfuil éileamh orthu, cé na leathanaigh is lú a bhfuil éileamh orthu agus cén chaoi ina ngluaiseann cuairteoirí thart ar an suíomh. Déantar an fhaisnéis go léir a bhailítear ag na fianáin a chomhiomlánú agus, dá bhrí sin, is faisnéis anaithnid í. Mura gceadaíonn tú na fianáin seo, ní bheidh a fhios againn go bhfuil cuairt tugtha agat ar ár suíomh, agus ní bheimid ábalta faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an tsuímh.

Fianáin Céad Pháirtí

 Óstach Fianáin Ainm Fianáin Sonraí Fianáin
 Centralcreditregister.ie  _ga                     Cur síos: Tá baint ag ainm an fhianáin seo le Google Universal Analytics - ar nuashonrú suntasach é ar sheirbhís anailísíochta Google a mbaintear úsáid níos minice aisti. Úsáidtear an fianán seo chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí ar leith trí uimhir arna giniúint go randamach a shannadh mar aitheantóir cliaint. Cuimsítear é i ngach iarratas leathanaigh agus úsáidtear é chun sonraí cuairteora, sonraí seisiúin agus sonraí feachtais a ríomh le haghaidh tuarascálacha anailísíochta don suíomh.  Mar réamhshocrú, rachaidh sé in éag tar éis 2 bhliain. Tá an socrú seo inoiriúnaithe ag úinéirí suímh ghréasáin, áfach.
Saolré: 730 lá
 Centralcreditregister.ie  gat_ Cur síos: Tá baint ag ainm an fhianáin seo le Google Universal Analytics. De réir na doiciméadachta, úsáidtear é chun an ráta iarratais a scóigeadh - sa chaoi go dteorannófar bailiú sonraí ar shuíomhanna ardtráchta. Rachaidh sé in éag tar éis 10 nóiméad.
Saolré: 10 nóiméad
 Centralcreditregister.ie  _gid  Cur síos: Tá baint ag ainm an fhianáin seo le Google Universal Analytics.  Is cosúil gur fianán nua é agus, amhail ó Earrach 2017, ní raibh aon fhianaise ar fáil ó Google ina leith.  Is cosúil go ndéanann sé luach uathúil a stóráil agus a nuashonrú do gach leathanach a dtugtar cuairt air.
Saolré: 1 lá


Fianáin Tríú Páirtí

Ceann ar bith.

 

Fianáin Spriocdhírithe

Féadfaidh cuideachtaí fógraíochta úsáid a bhaint as na fianáin seo chun próifíl de do chuid ábhar spéise a chur le chéile agus fógraí oiriúnacha a thaispeáint duit ar shuíomhanna eile. Ní stóráiltear faisnéis phearsanta go díreach iontu, ach tá siad bunaithe ar do bhrabhsálaí agus ar do ghléas idirlín a aithint. Mura gceadaíonn tú na fianáin seo, ní bheidh na fógraí a fheicfidh tú chomh spriocdhírithe céanna.

Fianáin Céad Pháirtí

Ceann ar bith.

Fianáin Tríú Páirtí

Óstach Fianáin Ainm Fianáin    Sonraí Fianáin  
 doubleclick.net    IDE  Cur síos: Tá an fearann seo ar úinéireacht ag Doubleclick (Google). Is é seo a leanas an phríomhghníomhaíocht ghnó: Doubleclick is ea malartán tairisceana fíor-ama fógraíochta Google
Saolré: 390 lá
 doubleclick.net  test_cookie Cur síos: Tá an fearann seo ar úinéireacht ag Doubleclick (Google) Is é seo a leanas an phríomhghníomhaíocht ghnó: Doubleclick is ea malartán tairisceana fíor-ama fógraíochta Google
Saolré: 0 lá
 youtube.com   YSC Cur síos: Úsáidtear an fianán seo mar aitheantóir uathúil chun breathnuithe ar fhíseáin a rianú
Saolré: 180 lá
 youtube.com   VISITOR_INFO1_LIVE Cur síos: Is ardán chun físeáin a óstáil agus a roinnt é YouTube atá faoi úinéireacht Google. Bailíonn YouTube sonraí úsáideora trí fhíseáin atá leabaithe i suíomhanna gréasáin, ar sonraí iad atá comhiomlánaithe le sonraí próifíle ó sheirbhísí Google eile d’fhonn fógraíocht spriocdhírithe a thaispeáint do chuairteoirí gréasáin thar raon leathan dá suíomhanna gréasáin féin agus de shuíomhann gréasáin eile.
Saolré: Fad seisiúin an úsáideora

 

Fianáin Seisiúin

Fianán Seisiúin is ea fianán a stóráiltear go sealadach i gcuimhne brabhsálaí. Scriostar iad nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí. Úsáideann suíomhanna gréasáin Fianáin Seisiúin le haghaidh feidhmeanna tábhachtacha, e.g. chun cuimhneamh ar do phasfhocal le linn do chuairte.

 

Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoi fhianáin ar www.cookiepedia.co.uk.