Céard a bheidh ar áireamh sa tuarascáil chreidmheasa

Tá d’fhaisnéis phearsanta agus chreidmheasa i do thuarascáil chreidmheasa.

Folaíonn FAISNÉIS PHEARSANTA Folaíonn FAISNÉIS CHREIDMHEASA
Ainm (céadainm & sloinne) Cineál na hiasachta (cárta creidmheasa, morgáiste, rótharraingt)
Seoladh reatha agus seoltaí roimhe seo Ainm an iasachtóra
Dáta breithe Méid na hiasachta
Uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP) Iarmhéid gan íoc
Inscne Líon na n-iasachtaí thar téarma, más ann dóibh
Éirchód Dáta na chéad íocaíochta eile
Uimhir ghutháin Méid na chéad íocaíochta eile

 

Gach mí, cuireann d’iasachtóir faisnéis phearsanta chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Leis seo, cinntítear go ndéantar do chuid iasachtaí go léir ó iasachtóirí éagsúla a mheaitseáil i gceart ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Folaíonn faisnéis chreidmheasa, faisnéis chreidmheasa dhearfach, mar shampla íocaíocht a rinneadh; agus faisnéis chreidmheasa dhiúltach, mar shampla íocaíocht nach ndearnadh.  Cuireann d’iasachtóir an fhaisnéis seo ar fáil chun cur le do stair chreidmheasa agus chun do thuarascáil chreidmheasa a chruthú.

Cuirfear leis an bhfaisnéis chreidmheasa seo le himeacht aimsire go dtí go mbeidh faisnéis cúig bliana le fáil sa tuarascáil chreidmheasa.

I gcás iasacht ghníomhach (i.e. iasacht a bhfuil íocaíochtaí fós á ndéanamh ina leith nó a bhfuiltear ag súil leis go ndéanfar íocaíochtaí ina leith), ní bheidh ach an dá bhliain is déanaí d’fhaisnéis íocaíochta le feiceáil ag iasachtóir. I gcás iasacht scortha (i.e. iasacht a bhfuil na híocaíochtaí go léir glanta ina leith nó iasacht atá scortha ag an iasachtóir), ní bheidh ach an dá bhliain dheireanacha d’fhaisnéis íocaíochta le feiceáil ag iasachtóir.

Nuair a shlánóidh an fhaisnéis is sine cúig bliana, déanfar gach iontráil ar leith a scriosadh gach mí ina dhiaidh sin. Déanfar faisnéis maidir le hiasacht scortha a bhaint den tuarascáil chreidmheasa cúig bliana i ndiaidh na híocaíochta deiridh.

Coinneofar faisnéis phearsanta ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa go ceann tréimhse cúig bliana ón dáta a nglanfar an iasacht.

Gach uair a gheobhaidh iasachtóirí do thuarascáil chreidmheasa, fágfaidh siad taifead ar a dtugtar lorg. Is ionann lorg agus taifead den dáta, d’ainm an iasachtóra, agus den chúis ar iarr an t-iasachtóir áirithe sin do thuarascáil chreidmheasa.

Taispeánfar an lorg sin ag bun na tuarascála agus fanfaidh sé ansin go ceann cúig bliana tar éis don iasachtóir rochtain a fháil uirthi.

Is féidir leat tuarascáil chreidmheasa a iarraidh nó breathnú ar ár mbileog eolais maidir le tuarascáil chreidmheasa a iarraidh.  

Ní dhéanfaidh an Príomh-Chlár Creidmheasa:

  • cinneadh i dtaobh iasacht a cheadú nó a dhiúltú - is é an t-iasachtóir a dhéanfaidh an cinneadh sin;
  • tuarascálacha creidmheasa a scóráil nó a ghrádú.