An Creat Dlíthiúil
Is é an tAcht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 a thugann an bonn reachtúil faoina n-oibríonn an Banc Ceannais an Príomh-Chlár Creidmheasa. Leagtar amach forálacha ann maidir leis na nithe seo a leanas:
- Raon feidhme an Phríomh-Chláir Creidmheasa, cé leis a mbaineann sé agus na tairsí gaolmhara maidir le tuairisciú;
- Faisnéis a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, lena n-áirítear faisnéis phearsanta agus chreidmheasa a bheidh á coinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
- An fhaisnéis a áireofar ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa agus raon feidhme na faisnéise pearsanta agus creidmheasa a bhaileofar;
- Rochtain ar an bhfaisnéis ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuirfear ar fáil mar fhreagairt ar iarratas rochtana;
- Faisnéis a choinneáil, a leasú agus a cheartú;
- Na tobhaigh agus táillí a ghearrfar ar úsáideoirí an Phríomh-Chláir Creidmheasa.
Is é an tAcht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 a thugann an bonn reachtúil maidir le hoibriú an Phríomh-Chláir Creidmheasa. Beidh próiseáil sonraí pearsanta de chuid ábhar sonraí á rialú ag na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018 agus ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.
Is é seo a leanas an creat dlíthiúil a thacaíonn leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa:
Reachtaíocht Phríomhúil
An tAcht um Thuairisciú Creidmheasa 2013
An tAcht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais 2018 (MiFID)
Rialacháin
Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 6) (Faisnéis Phearsanta Bhreise), 2016
Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 24) (Fógraí), 2016
Na rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 26) (Táillí), 2018
Na rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 26) (Táillí), 2018 (Leasú)