Céard atá ar áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa?

Cineálacha Iasachtaithe

  • Is iad seo a leanas na cineálacha iasachtaithe a áirítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa:
  • Cuideachtaí
  • Tomhaltóirí
  • Daoine aonair
  • Comhpháirtíochtaí
  • Trádálaithe aonair

Áirítear freisin aon eintitis eile a bheidh lonnaithe sa Stát an tráth a dhéanfar an t-iarratas ar chreidmheas, mar shampla clubanna nó cumainn, nó i gcás ina mbeidh an comhaontú creidmheasa faoi rialú ag dlí na hÉireann. Amach anseo, áireofar ráthóirí a thugann ráthaíochtaí nó slánaíochtaí.

Cineálacha Iasachtóirí

Is iad seo a leanas na Soláthraithe Faisnéise Creidmheasa, nó iasachtóirí, atá ar áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa:

  • Tithe Maoinithe Sócmhainní
  • Bainc
  • Comhair Chreidmheasa
  • Gnólachtaí a bhfuil leabhair iasachta faighte acu ó institiúidí airgeadais le blianta beaga anuas
  • Soláthraí creidmheasa ardchostas
  • Údaráis áitiúla
  • GNBS

Liosta de Sholáthraithe Faisnéise Creidmheasa

Cineálacha Iasachtaí
Áirítear iasachtaí ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa má tá siad comhionann le €500 nó níos mó ná sin agus:

  • Má tá cónaí ar an iasachtaí sa Stát an tráth a dhéanfaidh sé/sí iarratas ar iasacht nó,
  • Má tá an comhaontú iasachta nó an t-iarratas ar iasacht faoi rialú ag dlí na hÉireann. 

 

Cineálacha iasachtaí atá ar áireamh   Nach bhfuil ar áireamh 
Ón 30 Meitheamh 2017 Ón 31 Márta 2018  Ón 30 Meitheamh 2019
Cártaí creidmheasa Iasachtaí Gnó Comhaontuithe Fruilcheannaigh Billí fóntais
Morgáistí Iasachtaí ó údaráis áitiúla PCPanna Geallbhróicéirí
Rótharraingtí Soláthraí creidmheasa ardchostas Maoiniú sócmhainní Faisnéis maidir le hioncam/tuarastal
Iasachtaí pearsanta Dliteanais cánach
          Cuntais taisce
Taifid de chuid Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann
Taifid de chuid na Seirbhíse Cúirteanna