Faq list

Níl aon cheisteanna coitianta leis an scagaire roghnaithe

  • An dtagaim faoi réim an Achta um Thuairisciú Creidmheasa 2013 arna leasú (‘an tAcht arna leasú’)?

    Chun teacht faoi réim an Achta mar atá arna leasú, ní mór d’iasachtóir a bheith ina Sholáthraí Faisnéise Creidmheasa (‘CIP’), a mbeidh creidmheas á sholáthar aige, i ndáil le hiarratas ar chreidmheas nó le comhaontú creidmheasa lena mbaineann an tAcht arna leasú, d’Ábhar Faisnéise Creidmheasa (‘CIS’). Ní mór d’iasachtóirí a dheimhniú dóibh féin cibé acu an dtagann siad faoi réim an Achta arna leasú.

    Is iad seo a leanas ceisteanna a chuirfidh iasachtóir air féin le linn dó breithniú a dhéanamh i dtaobh an dtagann sé faoi réim an Achta arna leasú agus faoi réim chéim reatha chur chun feidhme an Phríomh-Chláir Creidmheasa. Ba cheart d’iasachtóirí comhairle dhlíthiúil neamhspleách a fháil mura bhfuil siad cinnte an dtagann siad faoi réim an Achta arna leasú.

    A) An CIP mé?

    1. An Soláthraí Rialáilte Seirbhísí Airgeadais tú atá liostaithe ar aon cheann de Chláir an Bhainc Ceannais

    • Má d’fhreagair tú ‘Is mé’ ar cheist (A) 1 thuas, IS CIP tú agus ba cheart duit dul ar aghaidh go dtí ceist B.
    • Más é an freagra nach bhfuil tú, téigh ar aghaidh go dtí (A) 2.

    2. An NAMA nó Údarás Áitiúil tú?

    • Má d’fhreagair tú ‘is mé’, IS CIP tú agus ba cheart duit dul ar aghaidh go dtí ceist B.  
    • Más é an freagra nach bhfuil tú, téigh ar aghaidh go dtí (A) 3.

    3. Iasachtóirí eile AE nó neamh-AE:

    3(i) An duine aonair tú a sholáthraíonn creidmheas?

    • Má d’fhreagair tú ‘is mé’, NÍ CIP tú faoi réim chéim chur chun feidhme reatha an Phríomh-Chláir Creidmheasa agus ní gá duit dul ar aghaidh.
    • Má d’fhreagair tú ‘ní mé’, téigh ar aghaidh go dtí ceist 3(ii) nó 3(iii) de réir mar is cuí.

    3(ii) Iasachtóirí bunaithe in AE: an bhfuil tú bunaithe sa Stát?

    • Má d’fhreagair tú ‘tá’, IS CIP tú, téigh ar aghaidh go dtí ceist B.
    • Má d’fhreagair tú ‘níl’, NÍ CIP tú, ní gá duit dul ar aghaidh.

    3(iii) Iasachtóirí nach bhfuil bunaithe in AE: an bhfuil tú lasmuigh den Stát?

    • Má d’fhreagair tú ‘níl’, IS CIP tú, téigh ar aghaidh go dtí ceist B.
    • Má d’fhreagair tú ‘tá’, NÍ CIP tú, ní gá duit dul ar aghaidh. 

    B) An bhfuil Creidmheas á sholáthar agam faoi réim an Achta arna leasú?

    1. An bhfuil creidmheas á sholáthar agat lena n-áirítear iasacht, íocaíocht iarchurtha nó cineál eile garaíochta airgeadais, seachas na heisceachtaí atá leagtha amach san Acht arna leasú?

    • Má d’fhreagair tú ‘tá’ ar an gceist thuas - téigh ar aghaidh go dtí (B) 2.
    • Má d’fhreagairt tú ‘níl’, NÍL creidmheas á sholáthar agat faoi réim an Achta arna leasú, agus ní gá duit dul ar aghaidh.

    2. An bhfuil creidmheas á sholáthar agat faoi réim chur chun feidhme reatha an Phríomh-Chláir Creidmheasa?

    2(i) Iasachtú do thomhaltóirí e.g. morgáistí, fruilcheannach,  pleananna conartha pearsanta, cártaí creidmheasa, rótharraingtí, iasachtaí pearsanta; agus/nó

    2(ii) Iasachtú do neamh-thomhaltóirí e.g. morgáistí tráchtála, maoiniú sócmhainní, saoráid imrothlaigh ghnó etc.

    TABHAIR FAOI DEARA LE DO THOIL: Creidmheas a sholáthraítear i bhfoirm taiscí, nótaí iasachta, urrús agus ionstraimí airgeadais (e.g. sócmhainní is féidir a thrádáil), ní thagann siad faoi réim chéim chur chun feidhme reatha an Phríomh-Chláir Creidmheasa.

    • Má d’fhreagair tú ‘tá’ ar cheist (B) 2 agus má tá tú bunaithe i bPoblacht na hÉireann - téigh go dtí C.
    • Má d’fhreagair tú ‘tá’ ar cheist (B) 2 agus má tá tú bunaithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann - déan teagmháil le foireann an Phríomh-Chláir Creidmheasa sa Bhanc Ceannais agus déanfaidh an fhoireann sin measúnú ábharthachta chun a chinneadh an gá duit clárú mar CIP reatha.
    • Má d’fhreagair tú ‘níl’ ar cheist (B) 2, NíL creidmheas á sholáthar agat faoi réim chéimeanna chur chun feidhme reatha an Phríomh-Chláir Creidmheasa, agus ní gá duit dul ar aghaidh.

    C) An bhfuil an creidmheas á sholáthar trí Iarratas ar Chreidmheas nó trí Chomhaontú Creidmheasa lena mbaineann an tAcht arna leasú, i.e.,

    1. An bhfuil cónaí sa Stát ar an iarratasóir ar sholáthar creidmheasa (Iarratas ar Chreidmheas) nó an duine dá soláthraítear an creidmheas (Comhaontú Creidmheasa) an tráth a dhéanfar an t-iarratas ar chreidmheas nó an comhaontú creidmheasa NÓ

    2. An dlí an Stáit an dlí lena rialaítear an comhaontú arna dhéanamh de bhun an iarratais nó an dlí lena rialaítear an comhaontú creidmheasa?

    • Má d’fhreagair tú ‘tá’ ar cheachtar den dá cheist thuas - téigh ar aghaidh go dtí D.
    • Má d’fhreagair tú ‘níl’ ar cheachtar den dá cheist thuas, NÍL creidmheas á sholáthar agat i ndáil le hIarratas ar Chreidmheas nó Comhaontú Creidmheasa lena mbaineann an tAcht arna leasú, agus ní gá duit dul ar aghaidh.

    D) An bhfuil an creidmheas á sholáthar do CIS, i.e. duine a bhfuil:

    1. iarratas ar chreidmheas déanta acu

    2. omhaontú creidmheasa déanta i ndáil le soláthar creidmheasa don duine

    • Má d’fhreagair tú ‘tá’ ar aon cheann de na nithe thuas - is CIP tú a sholáthraíonn creidmheas do CIS faoi iarratas ar chreidmheas nó faoi chomhaontú creidmheasa, lena mbaineann an tAcht arna leasú, agus, dá bhrí sin, tá tú faoi réim an Achta arna leasú agus ba cheart duit eolas a chur ar do chuid oibleagáidí trí bhreathnú ar an Acht arna leasú, ar na rialacháin tacaíochta agus ar Lámhleabhar an Phríomh-Chláir Creidmheasa. Déan teagmháil le  https://www.centralcreditregister.ie/info-request/ chun clárú mar CIP agus rochtain a fháil ar Shuíomh na nIasachtóirí.

    Tuilleadh Eolais

    • Más CIP tú a thagann faoi réim an Achta arna leasú agus má tá do Chód Soláthraí agus Uimhir Chláraithe faighte agat ón mBanc Ceannais, lean na treoracha arna dtabhairt ag an mBanc Ceannais chun an clárú a dhéanamh.
    • Más CIP tú a thagann faoi réim an Achta arna leasú ach nach bhfuil do Chód Soláthraí nó d’Uimhir Chláraithe faighte agat, is féidir leat iad a iarraidh anseo.
    • Má chreideann tú go dtiocfaidh tú chun bheith i do CIP amach anseo faoi réim an Achta arna leasú, is féidir leat a iarraidh go gcuirfear tú ar liosta seoltaí an Phríomh-Chláir Creidmheasa sa chaoi go bhfaighidh tú eolas ar chur chun feidhme an Phríomh-Chláir Creidmheasa amach anseo.
  • Cad is iarratas cáilitheach ar chreidmheas nó comhaontú cáilitheach creidmheasa ann?

    Foráiltear an méid seo a leanas san Acht

    “Maidir le hiarratas ar chreidmheas nó comhaontú creidmheasa, is iarratas cáilitheach ar chreidmheas nó comhaontú cáilitheach creidmheasa é chun críocha an Achta seo más rud é gurbh ionann méid an chreidmheasa a ndéanfar iarratas ina leith nó a chomhaontófar a sholáthar agus an méid dá bhforáiltear le fo-alt (6) ar a laghad.

    (6) Is ionann an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (5)

    (a) agus cibé méid a bheidh sonraithe de thuras na huaire le hordú faoi fho-alt (7), nó

    (b) agus €500, i gcás nach mbeidh méid ar bith sonraithe amhlaidh de thuras na huaire.


    De bhreis air sin, maidir leis an iarratasóir ar sholáthar creidmheasa, nó an duine dá soláthraítear creidmheas faoin gcomhaontú creidmheasa, is gá go mbeidh cónaí orthu sa Stát an tráth a dhéanfar an t-iarratas ar chreidmheas nó an comhaontú creidmheasa, nó is gá gurbh é an dlí lena rialófaí aon chomhaontú creidmheasa arna dhéanamh de
    bhun an iarratais, nó gurb é an dlí lena rialaítear an comhaontú creidmheasa, dlí an Stáit.

  • Mura bhfuil iasachtú nua á dhéanamh agam ach go bhfuil punann comhaontuithe creidmheasa cáilitheacha reatha agam, cé na hoibleagáidí atá orm?

    Más comhaontú cáilitheach creidmheasa é aon chomhaontú creidmheasa sa phunann reatha, tá oibleagáid ann sonraí a chur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. 

  • Cé na hoibleagáidí a fhorchuireann an tAcht um Thuairisciú Creidmheasa ar CIPanna i dtéarmaí cumarsáid a dhéanamh le CISanna i ndáil leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa?

    Alt 23

    Ceanglaítear faoi Alt 23 den Acht go gcinnteoidh CIPanna go bhfuil CISanna ar an eolas maidir lena gcearta faoin Acht. Áirítear sa mhéid sin CISanna a dhéanann iarratais ar chreidmheas chuig CIP, CISanna a bhfuil comhaontuithe creidmheasa reatha acu leis an CIP agus ráthóirí a bheartaíonn ráthaíocht nó slánaíocht a thabhairt, nó a bhfuil ráthaíocht nó slánaíocht tugtha acu, i dtaca le comhaontú creidmheasa.

    Is oibleagáid leanúnach é seo ar CIPanna nach mór a chomhlíonadh de réir mar a bheidh gach cineál CIS ath-inaistrithe chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa le linn a chur chun feidhme agus dá éis, i.e. tomhaltóirí, neamh-thomhaltóirí agus ráthóirí tráth, cibé acu an tomhaltóirí nó neamh-thomhaltóirí iad.

    Aithníonn an Banc Ceannais go mbeidh éagsúlacht ann ó thaobh chur chuige CIPanna éagsúla maidir le heolas a thabhairt do thomhaltóirí ag brath ar na táirgí a bheidh ag aon chustaiméir aonair ar leith. Féadfaidh CIPanna breithniú a dhéanamh ar na bealaí cumarsáide seo a leanas chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le heolas a thabhairt do CISanna:

    • Fógraí agus eolas ar shuíomhanna gréasáin;
    • Fógraí nó teachtaireachtaí ar ráitis cuntais rialta;
    • Míreanna ag gabháil le ráitis arna n-eisiúint leis an bpost;
    • Tagairtí i scripteanna gutháin;
    • Cora poist leithleacha de bhileoga eolais;
    • Fógraí ar fhoirmeacha iarratais agus ar dhoiciméid iasachta;
    • Póstaeir agus bileoga eolais i mbrainsí.

    De bhreis air sin, ba cheart úsáid a bhaint as aon eolas a chuireann an Banc Ceannais ar fáil ar shuíomh na dtomhaltóirí ar www.centralcreditregister.ie. 

     

    Alt 24

    Faoi alt 24 den Acht, ceanglaítear ar CIPanna fógra a chur ar fhoirmeacha iarratais ar chreidmheas ina sonraítear go gceanglaítear faoin Acht go gcuirfear faisnéis chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa maidir le hiarratais ar chreidmheas agus le comhaontuithe creidmheasa.

    Sna Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 (Alt 24) (Fógraí) 2016, leagtar amach téacs sonrach an fhógra atá le húsáid ag CIPanna:


    FÓGRA: Faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013, ceanglaítear ar iasachtóirí faisnéis phearsanta agus chreidmheasa a chur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa maidir le hiarratais ar chreidmheas agus le comhaontuithe creidmheasa €500 nó níos mó. Coinneofar an fhaisnéis seo ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa agus féadfaidh iasachtóirí eile í a úsáid nuair a bheidh cinntí á ndéanamh acu maidir le d’iarratais ar chreidmheas agus le comhaontuithe creidmheasa.
     

    Molann an Banc Ceannais go dtaispeánfar an téacs seo a leanas faoin bhfógra sin: 

    Tá an Príomh-Chlár Creidmheasa ar úinéireacht agus á oibriú ag Banc Ceannais na hÉireann. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí www.centralcreditregister.ie


    Ceanglais i ndáil leis an bhfógra féin:

    • Ní mór an fógra a bheith marcáilte le bosca, i gcló trom, agus i gclómhéid atá comhionann leis an gclómhéid is coitianta arna húsáid ar an bhfoirm iarratais ar chreidmheas.
    • Ní mór do CIPanna a chinntiú go mbeidh an fógra seo chomh suntasach céanna leis na príomhthéarmaí agus príomhchoinníollacha a bhaineann leis an iarratas ar chreidmheas nó leis an gcomhaontú creidmheasa.
    • Ba cheart go n-áireofaí an fógra seo ar fhoirmeacha iarratais ar chreidmheas tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2017 sa chaoi go mbeidh iarratasóirí ar chreidmheas ar an eolas go ndéanfaí a bhfaisnéis phearsanta agus chreidmheasa i ndáil le comhaontuithe creidmheasa a thabhairt don Phríomh-Chlár Creidmheasa.
    • Faigheann go leor CIPanna, mar chuid den doiciméadacht iarratais, toiliú ó iarratasóirí ar chreidmheas chun faisnéis a chur ar fáil do bureaux tagartha creidmheasa agus chun cead a thabhairt do CIP bunachair sonraí den sórt sin a sheiceáil.  Tá sé tábhachtach go ndéanfar athbhreithniú ar fhoclaíocht aon doiciméad den sórt sin chun idirdhealú soiléir a dhéanamh idir an fógra reachtúil a cheanglaítear don Phríomh-Chlár Creidmheasa agus aon toiliú a fhaightear chun aon chríche eile.
  • Cé mhéid a chosaíonn sé fiosrú a dhéanamh?

    Is féidir sonraí a fháil maidir le costas fiosraithe ar an leathanach a bhaineann le táillí agus tobhaigh

  • Conas is féidir liom clárú ar Shuíomh na nIasachtóirí?

    Má mheasann tú go bhfuil tú cáilithe mar CIP faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 ach nár tugadh cód sholáthraí CIP nó uimhir chláraithe duit, cuir é sin in iúl dúinn le do thoil trí iarratas ar fhaisnéis a líonadh anseo.

    Nuair a bheidh comhfhreagras faighte agat ó Bhanc Ceannais na hÉireann, lena n-áirítear faisnéis maidir le do chuid oibleagáidí, Cód Sholáthraí Faisnéise Creidmheasa agus Uimhir Chláraithe 8 ndigit, lean na céimeanna thíos chun an clárú a chur i gcrích:

    • Cuir isteach an fhaisnéis go léir a iarrtar (Moltar go n-úsáidfear seoladh ríomhphoist gnó don chlárú).
    • Cruthaigh do phasfhocal agus ná déan dearmad ar an Captcha. Cliceáil ar Cuir Isteach.
    • Ansin cuirfear an fhoirm chláraithe ar fáil duit.
    • Tabharfar thú chuig an leathanach ‘Eolas Ginearálata’ ar Shuíomh na nIasachtóirí.  Cliceáil ar an gcnaipe ‘Cláraigh Anseo’ atá ar an taobh clé den scáileáin.
    • D’fhonn tús a chur leis an gclárú agus tuilleadh eolais a rochtain ar Shuíomh na nIasachtóirí, cliceáil ar an gcnaipe clárúcháin ag barr an scáileáin ar dheis.
    • Gheobhaidh tú ríomhphost chuig an seoladh a bheidh tugtha agat ag admháil go bhfuarthas d’iarratas ar rochtain.
    • Nuair a bheidh an t-iarratas formheasta, gheobhaidh tú ríomhphost eile ina ndeimhneofar go bhfuil an clárú curtha i gcrích.
    • Fill ar an suíomh gréasáin arís agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Logáil Isteach’ ag an mbarr ar dheis.
    • Cuir isteach an seoladh ríomhphoist agus pasfhocal a bhí tugtha agat ar an bhfoirm iarratais.
    • Ba cheart go mbeadh teacht agat anois ar an eolas go léir ar Shuíomh na nIasachtóirí ar an suíomh gréasáin.
  • Cén t-ainm úsáideora atá agam?

    Is ionann d’ainm úsáideora agus an seoladh ríomhphoist a thug tú ar an bhfoirm iarratais.

  • Conas is féidir liom mo phasfhocal a athshocrú?

    Lean an nasc seo, le do thoil, nó roghnaigh “pasfhocal dearmadta” atá le fáil faoi ‘Logáil Isteach’ chun do phasfhocal athshocrú.

  • Nílim ábalta clárú do Shuíomh na nIasachtóirí. Cad a dhéanfaidh mé?

    Má tá deacracht agat clárú do Shuíomh na nIasachtóirí, cuir iarratas ar eolas isteach anseo.

  • Fuair mé teachtaireacht earráide nuair a bhí mé ag iarraidh clárú do Shuíomh na nIasachtóirí. Cad a dhéanfaidh mé?

    Seoladh ríomhphoist in úsáid cheana féin: Má thaispeántar an teachtaireacht seo nuair a bheidh tú ag clárú, ciallaíonn sé gur chláraigh duine éigin do Shuíomh na nIasachtóirí cheana féin le do sheoladh ríomhphoist. Murab amhlaidh an cás, cuir iarratas ar eolas isteach anseo

    Stádas Comhalta ar feitheamh: Má thaispeántar an teachtaireacht seo nuair a bheidh tú ag clárú, ciallaíonn sé go bhfuil tú d’iarratas ar chlárú do Shuíomh na nIasachtóirí fós á phróiseáil againn.

    Cuir cóid cháraithe bhailí isteach: Má thaispeántar an teachtaireacht seo nuair a bheidh tú ag clárú, ciallaíonn sé gur chuir tú an cód soláthraí mícheart nó an uimhir chláraithe mhícheart isteach. Seiceáil do chomhfhreagras chun a chinntiú gurb ionann an uimhir chláraithe agus cód soláthraí a chuir tú isteach. Cinntigh gur chuir tú gach ceann díobh isteach sa réimse ceart. Má tá an cód soláthraí agus an uimhir chláraithe curtha isteach agat sna réimsí cearta agus go dtagann siad leis na cinn atá sa chomhfhreagras atá faighte agat ón mBanc Ceannais, cuir iarratas ar eolas isteach anseo.

  • Tá ríomhphost faighte agam á chur in iúl dom gur formheasadh mo chlárú ach fós ní féidir liom logáil isteach ar Shuíomh na nIasachtóirí. Cad a dhéanfaidh mé?

    Má tá ríomhphost faighte agat ón bPríomh-Chlár Creidmheasa á chur in iúl duit gur formheasadh do chlárú ar Shuíomh na nIasachtóirí ach nach bhfuil tú ábalta logáil isteach go fóill, bain triail as an méid seo a leanas:

    • Ar an gcéad dul síos, seiceáil go bhfuil an leagan is déanaí den bhrabhsálaí Idirlín á úsáid agat.
    • Ar an dara dul síos, bain triail as logáil isteach ar bhrabhsálaí Idirlín eile.
    • Mura féidir leat logáil isteach go fóill, cliceáil anseo agus déan iarratas ar Eolas agus mínigh an fhadhb atá agat.