Scriosadh faisnéise pearsanta agus coinneáil faisnéise creidmheasa

Déanfar faisnéis phearsanta arna stóráil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa a bhaint nuair a bheidh an fhaisnéis chreidmheasa ghaolmhar dheireanach scriosta.

Déanfar faisnéis chreidmheasa ó iasachtóirí i leith iarratais nua ar iasachtaí a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa go ceann tréimhse 6 mhí ón dáta ar a dtaifeadfar an fhaisnéis ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Déanfar faisnéis chreidmheasa ó iasachtóirí i leith comhaontuithe iasachta a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa go ceann tréimhse 5 bliana ar a mhéad.

I gcás ina mbeidh na dliteanais go léir faoin gcomhaontú isasachta aisíoctha, díscríofa nó glanta, déanfar an fhaisnéis chreidmheasa a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa go ceann tréimhse 5 bliana tar éis an iasacht a aisíoc.

Ní mór a chur san áireamh nach dtosóidh an tréimhse 5 bliana sin go dtí go mbeidh an iasacht aisíoctha, díscríofa nó glanta. Mura gcomhlíonann tú an comhaontú iasachta nó má scoireann tú d’íocaíochtaí a dhéanamh, ní thosóidh an tréimhse 5 bliana. Sa chás seo, leanfaidh d’iasachtóir den iasacht a thuairisciú agus leanfar den iasacht a thaispeáint ar do thuarascáil chreidmheasa.

Sonraí pearsanta a choinneáil i gcás iarratas ar thuarascálacha creidmheasa

Aon fhaisnéis phearsanta a chuirfidh tú féin nó tríú páirtí ar fáil i bhfoirm doiciméid aitheantais, le linn duit aon cheann de do chearta a fheidhmiú, amhail iarratas a dhéanamh ar thuarascáil chreidmheasa, iarratas a dhéanamh ar leasú, ráiteas míniúcháin nó fógra maidir pearsanú amhrasta a chur ar thuarascáil chreidmheasa, déanfar í a choinneáil go ceann tréimhse 5 bliana.

Úsáid faisnéise pearsanta agus cruinneas sonraí

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear i bhfeidhmiú an Phríomh-Chláir Creidmheasa, féadfar í a úsáid chun faisnéis chruinn a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Aon fhaisnéis a chuirfidh tú ar fáil i bhfeidhmiú aon cheart, amhail d’uimhir PSP, seoladh/seoltaí nach bhfuil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa cheana féin, féadfar í a chur leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa chun cruinneas do chuid faisnéise pearsanta ar an gclár a chinntiú.

Ní thaispeánfar ar an tuarascáil chreidmheasa a thabharfar d’iasachtóirí ach faisnéis mhionsonraithe íocaíochta ón dá bhliain is déanaí. Beidh le feiceáil ag iasachtóirí freisin faisnéis theoranta maidir le príomhtháscairí aisíocaíochta le cúig bliana anuas, mar shampa Uaslíon Íocaíochtaí Thar Téarma le cúig bliana anuas de stair an chonartha.

Sonraí a thaispeántar ar Thuarascálacha Creidmheasa

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear i bhfeidhmiú an Phríomh-Chláir Creidmheasa, féadfar í a úsáid chun faisnéis chruinn a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Aon fhaisnéis a chuirfidh tú ar fáil i bhfeidhmiú aon cheart, amhail d’uimhir PSP, seoladh/seoltaí nach bhfuil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa cheana féin, féadfar í a chur leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa chun cruinneas do chuid faisnéise pearsanta ar an gclár a chinntiú.

Loirg ar Thuarascálacha Creidmheasa

Gach uair a fhaigheann tusa nó iasachtóir ionchasach do thuarascáil chreidmheasa, cruthaítear taifead ar do thuarascáil chreidmheasa ar a dtugtar lorg. Is ionann lorg agus taifead ar an dáta, ar ainm an iasachtóra, agus ar an gcúis ar iarr an t-iasachtóir áirithe sin do thuarascáil chreidmheasa.

Taispeántar an lorg ag deireadh na tuarascála agus léiríonn sé na hiasachtóirí a d’iarr do thuarascáil chreidmheasa le 5 bliana anuas.

Ach nuair a lorgóidh iasachtóir do thuarascáil chreidmheasa, ní thaispeánfar dóibh ach na hiasachtóirí a d’iarr do thuarascáil chreidmheasa le 2 bhliain anuas.