Iarratais poist
Mura féidir leat d’iarratas ar líne a chríochnú, tá rogha agat an córas poist a úsáid, ach seans go dtógfaidh sé níos mó ama an t-iarratas a phróiseáil. Is féidir le daoine aonair na foirmeacha iarratais cuí a íoslódáil, agus is féidir le cuideachtaí iad a iarraidh leis an ríomhphost.
Conas iarratas a chur isteach leis an bpost
DAOINE AONAIR
Más duine aonair tú, is féidir leat na foirmeacha iarratais seo a leanas a íoslódáil:
Más mian leat go gcuirfear foirm iarratais chugat leis an ríomhphost nó leis an bpost, cuir ríomhphost chugainn ag myrequest@centralcreditregister.ie.
CUIDEACHTA NÓ EINTITEAS EILE
Más cuideachta tú, cuir ríomhphost chugainn ag myrequest@centralcreditregister.ie chun foirm iarratais a fháil.