Níl aon cheisteanna coitianta leis an scagaire roghnaithe
-
An aistríonn an Banc Ceannais sonraí go tráthrialta ón bPríomh-Chlár Creidmheasa chuig aon chomhlacht poiblí eile?
Aistríonn, chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Faoin Acht Staidrimh 1993, foráiltear go bhféadfaidh CSO faisnéis a fháil ó chomhlachtaí poiblí, an Banc Ceannais san áireamh. Ceadaítear aistrithe faisnéise den sórt sin faoin dlí um chosaint sonraí freisin. Déantar Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí sula ndéantar aistriú den sórt sin.
CSO is ea oifig staidrimh náisiúnta na hÉireann a bhfuil de chuspóir aici staidreamh maidir le muintir, sochaí agus geilleagar na hÉireann a bhailiú, a anailísiú agus a chur ar fáil go neamhchlaonta. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar www.cso.ie.
Áirítear sna sonraí pearsanta ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, ainm, dáta breithe, seoladh, inscne, uimhir ghutháin agus uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP). Ní chuirtear d’uimhir PSP, d’Eirchód nó d’uimhir ghutháin chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh.
Ar na sonraí creidmheasa a shealbhaítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, áirítear an cineál iasachta, amhail morgáiste, cárta creidmheasa, rótharraingt, iasacht phearsanta, iasacht ghnó, fruilcheannach, PCP etc; an méid atá faighte ar iasacht agus an méid atá gan íoc.
Is é an Banc Ceannais an rialaitheoir sonraí don Phríomh-Chlár Creidmheasa agus tá feidhm ag oibleagáidí na Treorach Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.
Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh an rialaitheoir sonraí don fhaisnéis nuair a aistrítear í agus beidh feidhm ansin ag oibleagáidí na Treorach Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus ag an Dlí maidir le Cosaint Sonraí i ndáil leis an bPríomh-Oifig Staidrimh.
Bainfidh an Phríomh-Oifig Staidrimh úsáid as an bhfaisnéis chun críocha staidrimh agus tuairiscithe, agus chuige sin amháin. Ní fhéadfar aon sonraí a bhaineann le duine inaitheanta a nochtadh d’aon roinn nó d’aon chomhlacht rialtais.
Tá Meabhrán Tuisceana i bhfeidhm idir an Banc Ceannais agus CSO maidir le rialachas agus úsáid na sonraí agus tá an Meabhrán Tuisceana sin ar fáil ar an leathanach gréasáin ‘Úsáidí Shonraí an Phríomh-Chláir Creidmheasa’ atá le fáil faoi ‘Foilseacháin’.
-
Cé atá freagrach as cruinneas na sonraí?
Tá d’iasachtóir freagrach as cruinneas na sonraí a chuireann sé ar aghaidh chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Fad a bheidh na sonraí sin i seilbh d’iasachtóra, beidh d’iasachtóir ina rialaitheoir sonraí faoin dlí maidir le Cosaint Sonraí.
Bíonn an Príomh-Chlár Creidmheasa ag brath ar iasachtóirí chun sonraí beachta, iomlána, cothrom le dáta a chur chuige.
A luaithe a gheobhaidh an Príomh-Chlár Creidmheasa na sonraí, tiocfaidh Banc Ceannais na hÉireann chun bheith ina rialaitheoir sonraí."
-
Cé chomh fada a thógfaidh sé mo thuarascáil chreidmheasa a leasú?
Tabharfaimid freagra ort laistigh de 20 lá agus féadfar an tréimhse a fhadú go 40 lá chun cinneadh a chur in iúl duit más gá dúinn teagmháil a dhéanamh le d’iasachtóir nó tuilleadh faisnéise a lorg uait.
Lean na treoracha inár mbileog eolais ‘Leasú ar mo chuid sonraí a iarraidh’ atá le fáil ar an leathanach Foilseacháin.
-
An gceadaítear don Phríomh-Chlár Creidmheasa sonraí pearsanta, UPSP san áireamh, a bhailiú agus a phróiseáil?
Ceadaítear. Leis an Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 agus na Rialacháin, soláthraítear an bunús dlí le sonraí pearsanta, UPSP san áireamh, a bhailiú agus a phróiseáil.
Ina theannta sin, chuaigh Banc Ceannais na hÉireann i gcomhairle le hOifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí sular foilsíodh na Rialacháin. Tá Banc Ceannais na hÉireann liostaithe freisin mar chomhlacht sonraithe i Sceideal 5 den Acht Leasa Shóisialaigh 2005 nuair a bhíonn a chuid feidhmeanna maidir leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa á gcomhlíonadh aige.
-
Conas is eol dom cé a bhí ag breathnú ar mo thuarascáil chreidmheasa?
Gach uair a gheobhaidh tu féin nó iasachtóir rochtain ar do thuarascáil chreidmheasa, cruthófar lorg. Is ionann lorg agus taifead ar an dáta, ar ainm an iasachtóra (nó fiosrú CIS más tú féin atá i gceist), agus ar an gcúis ar iarr an t-iasachtóir áirithe sin do thuarascáil chreidmheasa.
Taispeánfar an lorg ag deireadh na tuarascála go ceann tréimhse cúig bliana tar éis don iasachtóir rochtain a iarraidh. Féach sampla de thuarascáil chreidmheasa ar leathanach na bhfoilseachán chun lorg a fheiceáil.
-
Cén úsáid a bhainfear as mo chuid sonraí?
Úsáidfear sonraí arna gcur isteach ag d’iasachtóir(í) gach mí chun tuarascáil chreidmheasa a chruthú agus stórálfar an tuarascáil sin ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Ní dhéanfar an fhaisnéis seo a eisiúint ach amháin i gcás ina n-iarrfaidh iasachtóir nó an t-iasachtaí lena mbaineann rochtain uirthi; nó i gcás ina dtoileoidh an t-iasachtaí lena mbaineann go n-eiseofar an fhaisnéis seo le duine eile; mar a fhoráiltear faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013, faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 nó mar a cheanglaítear nó mar a cheadaítear de réir dlí nó de réir aon reachtaíochta eile lena mbaineann.
Chomh maith leis sin, féadfaidh an Banc Ceannais sonraí a aistriú chuig gníomhaireachtaí stáit agus comhlachtaí um fhorfheidhmiú dlí nuair is gá agus nuair a mheastar gur iomchuí agus comhréireach déanamh amhlaidh.
Tacaíonn an Príomh-Chlár Creidmheasa le hoibleagáidí agus feidhmeanna an Bhainc Ceannais, lena n-áirítear cosaint tomhaltóirí, an earnáil airgeadais a mhaoirsiú agus cobhsaíocht airgeadais a chinntiú. Féadfaidh an Banc Ceannais úsáid a bhaint as aon fhaisnéis faoi ainm bréige ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa chun aon fheidhm dá chuid a chomhlíonadh.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar ár ráiteas príobháideachais.
-
Cén fáth a bhfuil m’iasacht(aí) fós á dtuairisciú don Phríomh-Creidmheasa tar éis dom a bheith urscaoilte ó fhéimheacht?
Ní choinnítear aon fhaisnéis faoi fhéimheacht nó faoi aon socruithe dócmhainneachta pearsanta eile ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Más rud é go ndearnadh iasacht a dhíscríobh mar thoradh ar an bpróiseas féimheachta nó dócmhainneachta, is dócha go dtuairisceoidh an t-iasachtóir go bhfuil an iasacht sin “díscríofa”. Coinneofar an fhaisnéis sin ar do thuarascáil chreidmheasa i gcomhréir lenár dtréimhsí coinneála. Mura ndearnadh iasacht a dhíscríobh mar thoradh ar an bpróiseas, féadfaidh an t-iasachtóir leanúint den iasacht a thuairisciú mar iasacht ghníomhach don Phríomh-Chlár Creidmheasa.
Cé nach féidir leis an iasachtóir dul sa tóir ort maidir le haisíoc iasachta tar éis duit a bheith urscaoilte ó fhéimheacht nó ó aon socrú dócmhainneachta eile, féadfaidh go mbeidh oibleagáid ar iasachtóirí go fóill faisnéis a chur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa i ndáil leis an iasacht sin.
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi thréimhsí coinneála.
Féadfaidh gur mian leat comhairle dhlíthiúil a fháil ar an ábhar seo nó dul i gcomhairle le Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann ar www.isi.gov.ie chun tuilleadh eolais a fháíl.
-
Cad é Reacht na dTréimhsí?
Faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013, tá oibleagáid ar iasachtóirí faisnéis chreidmheasa agus phearsanta i leith iasachtaí €500 nó níos mó a thuairisciú i gcás ina bhfuil an iasacht fós gníomhach. Is é sin le rá, i gcás ina bhfuil íocaíochtaí á ndéanamh nó i gcás ina bhfuiltear ag súil go mbeidh íocaíochtaí á ndéanamh.
Áirítear i bhfaisnéis chreidmheasa, faisnéis chreidmheasa dhearfach, mar shampla íocaíocht a rinneadh; agus faisnéis chreidmheasa dhiúltach, mar shampla íocaíocht nach ndearnadh. Cuireann d’iasachtóir an fhaisnéis seo ar fáil chun cur le do stair chreidmheasa agus chun go bhféadfar tuarascáil chreidmheasa a chruthú duit.
Chomh maith leis sin, tá oibleagáid ar iasachtóirí stádas creidmheasa gach iasachta a thuairisciú. Cuirfidh an stádas creidmheas in iúl, mar shampla, má tá aon chaingean dlí glactha, má tá rótharraingt curtha ar ceal, nó má tá cárta creidmheasa tarraingthe siar. Má rinneadh socraíocht nó má díscríobhadh fiachas, sonrófar é sin anseo freisin. Ar deireadh thiar, déanfar aon athshealbhú sócmhainne nó géilleadh saorálach sócmhainne a thaifeadadh anseo freisin. Mura mbeidh aon cheann de na nithe sin thuas i gceist, beidh ‘N/B’ marcáilte anseo.
Cé go bhféadfaidh go mbeidh iasachtóir faoi urchosc reachta ó dhul sa tóir ar iasachtaí i leith aisíoc iasachta, ní dhéanfar an fiachas iarbhír a ghlanadh le himeacht aimsire agus féadfar an iasacht a thuairisciú don Phríomh-Chlár Creidmheasa go fóill.
-
Ní aithním ainm an tSolathraí Faisnéise Creidmheasa atá luaite le ceann de na hiasachtaí ar mo thuarascáil chreidmheasa.
Ó am go ham, is féidir le Soláthraithe Faisnéise Creidmheasa (iasachtóirí) iasachtaí a dhíol le hiasachtóirí eile. Ciallaíonn sé sin go dtuairisceoidh Soláthraí Faisnéise Creidmheasa nua iasacht don Phríomh-Chlár Creidmheasa. Dá bharr sin, athrófar ainm an tSoláthraí Faisnéise Creidmheasa chuig ainm an tSoláthraí Faisnéise Creidmheasa nua ar do thuarascáil chreidmheasa.
Ina theannta sin, d’fhéadfadh institiúidí teacht le chéile nó d’fhéadfadh institúid amháin seilbh a fháil ar institiúid eile. D’fhéadfadh athrú ainm tarlú dá bharr sin freisin.
I gcás an dá shampla sin, ní mór don Soláthraí Faisnéise Creidmheasa nua faisnéis a thuairisciú don Phríomh-Chlár Creidmheasa, a n-ainmneacha san áireamh.
Leagtar amach i gCód um Chosaint Tomhaltóirí de chuid an Bhainc Ceannais na coinníollacha faoinar gá fógra a thabhairt do thomhaltóirí maidir le haistrithe den sórt sin.
Féach liosta iomlán na Soláthraithe Faisnéise Creidmheasa a chuireann faisnéis chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
Cruthaítear tuarascáil chreidmheasa ón bhfaisnéis a chuireann gach Soláthraí Faisnéise Creidmheasa isteach, agus ón bhfaisnéis sin amháin. Níl teacht ag an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar aon doiciméid tacaíochta a bhaineann le haon iasacht, amhail foirmeacha iarratais nó téarmaí agus coinníolacha. Má tá tuilleadh eolais uait maidir le haistriú d’iasachta, ba cheart duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an Soláthraí Faisnéise Creidmheasa atá ainmnithe ar do thuarascáil chreidmheasa.
-
An mbeidh scór, grád nó rátáil ar mo thuarascáil chreidmheasa?
Ní bheidh. Ní dhéanfaidh an Príomh-Chlár Creidmheasa scór, grád nó rátáil a thabhairt i leith tuarascálacha creidmheasa.
Glacfaidh d’iasachtóir cinneadh maidir le d’iarratas ar iasacht bunaithe ar a bheartas creidmheasa féin.
Is gné thábhachtach iad tuarascálacha creidmheasa de na gnéithe a thacaíonn le hiasachtóirí measúnuithe creidmheasa a dhéanamh mar chuid dá gcinntí iasachta ach bíonn gnéithe eile i gceist.
Féadfaidh iasachtóirí aird a thabhairt ar fhaisnéis eile nach mbailítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa le linn dóibh measúnuithe creidmheasa a dhéanamh, lena n-áirítear sonraí maidir le sócmhainní, ioncam, eisíocaíochtaí agus caiteachais eile de chuid iasachtaithe, ach gan a bheith teoranta dóibh.
-
Conas is féidir liom tuarascáil chreidmheasa a iarraidh, ráiteas míniúcháin a chur ar mo thuarascáil chreidmheasa, leasú faisnéise ar mo thuarascáil chreidmheasa a iarraidh, nó fógra maidir le pearsanú amhrasta a chur ar mo thuarascáil chreidmheasa?
Is féidir leat iarratas a dhéanamh anseo, nó féach ar ár mbileoga eolais ar leathanach na bhfoilseachán.
-
Tá cárta creidmheasa agam ó bhanc taobh amuigh d’Éirinn - an dtaispeánfar é sin ar mo thuarascáil creidmheasa?
Áirítear iasachtaí ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa má tá siad comhionann le €500 nó níos, agus:
- má tá cónaí ar an iasachtaí sa Stát an tráth a dhéanfaidh sé/sí iarratas ar iasacht nó
- más rud é go bhfuil an comhaontú iasachta nó an t-iarratas ar iasacht á rialú ag dlí na hÉireann.
Faigh tuilleadh eolais maidir lena bhfuil ar áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
-
Chuir mé iarratas isteach ar líne, cad a tharlóidh anois?
A luaithe a bheidh d’iarratas ar líne curtha isteach agat, gheobhaidh tú ríomhphost á rá go bhfuarthas d’iarratas. Beidh d’uimhir thagartha sa ríomphost seo, mar sin déan cinnte go gcoinníonn tú an fhaisnéis seo slán.
D’fhonn aon mhoilleanna a sheachaint le linn duit d’iarratas a dhéanamh, déan cinnte go bhfuil na doiciméid chuí agat amhail foirm iarratais shínithe agus doiciméid aitheantais bhailí. Féach liosta de na doiciméid inghlactha anseo.
Ní féidir linn glacadh le doiciméid ó shíomhanna tiomántáin sheachtraigh (e.g. Google Drive, OneDrive, Dropbox). Mua bhfuil tú ábalta do chuid doiciméad a uaslódáil trínár suíomh gréasáin, cuir ríomphost chugainn le do thoil ag myrequest@centralcreditregister.ie leis na doiciméid i bhformáid PDF nó JPEG.
Ansin déanfar d’iarratas a chur i scuaine lena sheiceáil agus a luaithe a ghlacfar le d’iarratas, déanfar é a phróiseáil. Ní dhéanfaimid teagmháil leat ach amháin má tá doiciméid ar iarraidh, as dáta nó doléite. Seiceáil an fillteán turscair nó dramhfhillteán go rialta mar féadfaidh go ndéanfaidh soláthraithe ríomhphoist an ríomphost a aistriú ansin go huathoibríoch.
Bainfear úsáid as a bhfaisnéis phearsanta a chuirfidh tú ar fáil chun cuardach a dhéanamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
Mura n-aithnítear tuarascáil chreidmheasa, cuirfear ríomphost á rá sin chuig an seoladh ríomhphoist a chuir tú ar fáil.Má aithnítear tuarascáil chreidmheasa, gheobhaidh tú ríomhphost le nasc chuig do thuarascáil chreidmheasa. Is féidir le daoine aonair rochtain a fháil air ach d’uimhir thagartha agus d’uimhir PSP a chur isteach. Beidh an nasc bailí go ceann 30 lá.
Is féidir le cuideachtaí rochtain a fháil air ach a n-uimhir thagartha agus a bpasfhocal a chur isteach. Cuirfear do phasfhocal chugat i ríomhphost ar leith. Beidh an pasfhocal agus an nasc bailí go ceann 30 lá.
-
Chuir mé mo chuid sonraí ar fáil san fhoirm iarratais ar líne ach nílim ábalta í a phriontáil agus a shíniú toisc nach bhfuil printéir agam. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Glacfaidh an Príomh-Chlár Creidmheasa le foirmeacha iarratais atá sínithe go digiteach. Is féidir leat foirm iarratais chomhlánaithe a bhfuil síniú digiteach inaitheanta uirthi a chur isteach ach ní ghlacfar le gnáth-théacs nó le cló reatha.
Is gá go mbeidh an síniú ag teacht leis an síniú atá ar do dhoiciméad aitheantais.Nó, is féidir leat nóta a úaslódáil (i bhformáid PDF nó JPEG) ina mbeidh:
- An uimhir thagartha atá ar d’fhoirm iarratais
- Síniú lámhscríofa
- Dáta an tsínithe
Beidh doiciméid aitheantais ag teastáil uait freisin chun leanúint le d’iarratas.
-
Bhí cónaí orm i roinnt áiteanna éagsúla le blianta beaga anuas. Cén seoladh is cóir dom a chur ar fáíl?
Ba chóir duit do sheoladh reatha a chur ar fáil, agus an seoladh is déanaí a bhí agat mar aon le haon seoltaí eile a bhaineann le haon iasachtaí atá agat nó a bhí agat.
-
An bhfuil táille ar thuarascáil chreidmheasa?
Is féidir le hiasachtaithe ar daoine aonair iad a dtuarascálacha creidmheasa a iarraidh saor in aisce tráth ar bith, ar choinníoll nach mbeidh na hiarrataí sin iomarcach i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tugtar ‘úsáid chothrom’ air seo. Iasachtaithe nach daoine aonair iad (cuideachtaí mar shampla), is féidir leo iarratas ar thuarascáil chreidmheasa a chur isteach saor in aisce uair sa bhliain. Beidh táille €6.35 ar aon iarratas ina dhiaidh sin sa bhliain sin.
-
Tá litir faighte agam ó m’iasachtóir maidir le botún ar mo thuarascáil chreidmheasa. Cad a chiallaíonn sé seo?
Tá an Banc Ceannais freagrach as oibriú an Phríomh-Chláir Creidmheasa faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013. Faoin Acht, ceanglaítear ar iasachtóirí faisnéis phearsanta agus chreidmheasa a chur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa gach mí.
Chun go bhféadfar tuarascálacha creidmheasa iomlána beachta a chruthú, tá an Banc Ceannais ag súil leis go gcomhlíonfaidh gach iasachtóir a chuid oibleagáidí tuairiscithe faoin Acht. Ní foláir go mbeidh beartais agus nósanna imeachta láidre i bhfeidhm acu chun a chinntiú go mbeidh na sonraí go léir a thabharfar don Phríomh-Chlár Creidmheasa cruinn, iomlán agus cothrom le dáta.
B’fhéidir go bhfaighidh iasachtóirí amach go ndearnadh faisnéis nach raibh cruinn, iomlán nó suas chun dáta a thuairisciú de bhotún don Phríomh-Chlár Creidmheasa. Má tharlaíonn sé seo, cuireann an Banc Ceannais de cheangal ar an iasachtóir fógra faoin mbotún sin a thabhairt dúinn agus na botúin sin a cheartú go práinneach.
Féadfar go gceanglófar ar iasachtóirí freisin faoi fhorálacha um chosaint sonraí go míneofar duit i scríbhinn an méid a tharla agus cé na bearta atá glactha acu chun na botúin a cheartú. Féadfear go gceanglófar freisin go dtabharfaidh an t-iasachtóir tuarascáil don Choimisiún um Chosaint Sonraí.
Is féidir leat cóip de do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh saor in aisce (faoi réir úsáid chothrom).
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar ár leathanach um chosaint sonraí nó téigh go dtí www.dataprotection.ie. Chomh maith leis sin, is féidir leat gearán a dhéanamh go díreach leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ar www.dataprotection.ie.
-
Tá faisnéis mhícheart i mo thuarascáil chreidmheasa, cad is féidir liom a dhéanamh?
Má chreideann tú go bhfuil d’fhaisnéis phearsanta (ainm, seoladh, dáta breithe, seoladh/seoltaí)) nó d’fhaisnéis chreidmheasa (aon rud a thagann faoi na Sonraí Conartha nó na Sonraí Feidhmíochta ar do thuarascáil chreidmheasa) mícheart, neamhiomlán nó as dáta, is féidir leat a iarraidh ar d’iasachtóir nó ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa an fhaisnéis sin a leasú. Is feidir leat iarratas chuige sin a dhéanamh ar líne anseo.
-
An mbeidh a fhios ag iasachtóirí gur ghlac mé sos ó íocaíochtaí ar mo mhorgáiste nó ar iasacht eile?
"De ghnáth, má bhíonn íocaíochtaí rialta príomhshuime agus úis á ndéanamh, bíonn laghdú gach mí ar an méid faoin gcolún “Iarmhéid Gan Íoc” a thuairiscítear don Phíomh-Chlár Creidmheasa. Féach tuarascáil chreidmheasa shamplach.
Más rud é, mar shampla, gur chomhaontaigh iasachtóir go bhféadfaí sos iomlán ó íocaíochtaí a ghlacadh go ceann tréimse trí mhí, ag tosú i mí Aibreáin, ansin:
- Ní thuairisceodh an t-iasachtóir “Líon íocaíochtaí thar téarma” don Phríomh-Chlár Creidmheasa do mhí Aibreáin, Bealtaine nó do mhí an Mheithimh
- Ní thuairisceodh an t-iasachtóir “athstruchtúrú” don Phríomh-Chlár Creidmheasa do mhí Aibreáin, Bealtaine nó do mhí an Mheithimh
- Agus ó tharla nach mbeadh aon íocaíochtaí á ndéanamh le linn na tréimse sosa ó íocaíochtaí, ní thiocfadh aon laghdú ar “Iarmhéid Gan Íoc” do mhí Aibreáin, Bealtaine nó do mhí an Mheithimh
Feicfidh iasachtóir an 24 mhí is déanaí de stair chreidmheasa ar thuarascáil chreidmheasa i ndáil le gach iasacht atá ar an tuarascáil chreidmheasa. Áireofar inti an colún “Iarmhéid Gan Íoc”.
Cé nach bhfuil réimse sonraí ar an tuarascáil chreidmheasa le haghaidh sosanna ó íocaíochtaí, d’fhéadfaí a thuiscint ón bhfaisnéis seo gur dócha go raibh tréimhse sosa ó íocaíochtaí i gceist toisc nach raibh aon laghdú ar an iarmhéid gan íoc lena linn."