Ráiteas Inrochtaineachta
Tá Banc Ceannais na hÉireann meáite ar a chinntiú go mbeidh an suíomh gréasáin seo inrochtana i gcomhréir le Rialacháin (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Ghutháin Chomhlachtaí na hEarnál Poiblí) an Aontais Eorpaigh 2020 - I.R. Uimh. 358/2020 agus go mbeidh an suíomh gréasáin seo inrochtana don dream daoine is leithne agus is féidir, beag beann ar theicneolaíocht nó ar chumas.
Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le www.centralcreditregister.ie.
Stádas Comhlíontachta
Tá an caighdeán comhchuibhithe Eorpach, Ceanglais Inrochtaineachta le haghaidh Táirgí agus Seirbhísí TFC (bunaithe ar Threoirlínte 2.1 maidir le hInrochtaineacht ar Ábhar Gréasáin), á pháirtchomhlíonadh ag an suíomh gréasáin seo de bharr na neamhchomhlíontachtaí atá liostaithe thíos.
- Baineann roinnt de na gnéithe idirghníomhacha úsáid as tréithe ARIA a dhéanann tagairt do CAanna nach bhfuil ar an leathanach, rud a fhágann gur doiligh iad a léirmhíniú d’uireasa teicneolaíochtaí cúnta.
- Féadfaidh go mbeidh sé deacair roinnt rialuithe foirme a thuiscint nuair a bheidh léitheoir scáileáin á úsáid.
- Níl rochtain iomlán ar roinnt PDFanna in-íoslódáilte.
Tá obair forbartha ar siúl chun comhlíontacht sna réimsí sin a fheabhsú agus déanfar an ráiteas seo a nuashonrú de réir mar a dhéanfar forbairtí.
Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta seo
Rinneadh an ráiteas seo a athbhreithniú agus a nuashonrú ar an 18 Nollaig 2025.
Rinneadh tástáil ar an suíomh gréasáin seo i mí na Nollag 2025 ó thaobh chomhlíonadh na dTreoirlínte (WCAG 2.1) Leibhéal-AA maidir le hInrochtaineacht ar Ábhar Gréasáin . Ba é Alecsandria Digital consultancy a rinne an tástáil seo.
Bhain Alecsandria Digital úsáid as cur chuige na Modheolaíochta um Measúnú ar Chomhréireacht Inrochtaineachta Gréasáin (WCAG-EM) chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an sampla de leathanaigh a ndéanfaí tástáil air.
Aiseolas agus Eolas Teagmhála
Déan teagmháil lenár nOifigeach Rochtana má tá aon cheisteanna agat faoi chur chuige an Bhainc Ceannais maidir le hinrochtaineacht:
Ríomhphost: accessibility@centralbank.ie
Uimhir Ghutháin: +353 (0)1 224 6402
Má tá tú míshásta leis an gcaoi ina bhfreagróimid do d’iarratas, is féidir leat gearán a dhéanamh ach ár Nós Imeachta Láimhseála Gearán um Míchumas a leanúint.
Nós Imeachta Forfheidhmiúcháin
Má tá tú míshásta leis an gcaoi ina bhfreagróimid do d’iarratas nó do ghearán, is féidir leat gearán a dhéanamh chuig Oifig an Ombudsman faoi théarmaí an Achta um Míchumas 2005.
Oifig an Ombudsman
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Teil: +353 (0)1 639 5600
Ríomhphost: complaints@ombudsman.ie.