
Cad atá ar áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa
Mínítear ar an leathanach seo cad atá ar áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Clúdaítear na cineálacha iasachtaithe agus iasachtóirí, mar aon leis na cineálacha iasachtaí a bhíonn á dtaifeadadh. Cuideoidh an fhaisnéis seo leat tuiscint a fháil ar an gcaoi ina mbailítear agus ina mbainistítear do chuid sonraí creidmheasa.
Cineálacha Iasachtaithe
Tá cineálacha éagsúla iasachtaithe ar áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa:
- Daoine aonair agus Tomhaltóirí: Daoine a fhaigheann iasachtaí ar chúiseanna pearsanta.
- Cuideachtaí: Eintitis chorparáideacha a fhaigheann iasachtaí.
- Trádálaithe Aonair agus Comhpháirtíochtaí: Úinéirí gnó a bhíonn ag oibriú ar bhonn aonair nó i gcomhpháirtíocht.
- Clubanna agus Cumainn: Eintitis eile a bheidh lonnaithe sa Stát an tráth a dhéanfar iarratas ar chreidmheas.
- Ráthóirí: Ón 1 Feabhra 2025, cuirfear san áireamh ráthóirí a thugann ráthaíochtaí nó slánaíochtaí.
Cineálacha Iasachtóirí
Ar iasachtóirí, dá ngairtear Soláthraithe Faisnéise Creidmheasa, a mbíonn sonraí á gcur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa acu, áirítear na dreamanna seo a leanas:
- Bainc
- Comhair Chreidmheasa
- Tithe Maoinithe Sócmhainní
- Údaráis Áitiúla
- Soláthraithe Creidmheasa Ardchostais
- Gnólachtaí a bhfuil leabhair iasachta faighte acu ó insititiúidí airgeadais Éireannacha
- NAMA (an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní)

Cineálacha Iasachtaí atá ar áireamh
Déantar iasachtaí €500 nó níos mó a thaifeadadh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, amhail:
- Morgáistí
- Cártaí Creidmheasa
- Rótharraingtí
- Iasachtaí Pearsanta
- Iasachtaí Gnó
- Iasachtaí Údarás Áitiúil
- Iasachtaí Soláthraithe Creidmheasa Ardchostais
- Comhaontuithe Fruilcheannaigh
- Pleananna Conartha Pearsanta (PCP)
- Iasachtaí Maoinithe Sócmhainní
Áirítear iasachtaí sna cásanna seo a leanas:
- Má tá cónaí ar an iasachtaí sa Stát an tráth a dhéanfaidh sé/sí iarratas ar an iasacht, nó
- Más rud é go bhfuil an comhaontú iasachta nó an t-iarratas ar iasacht á rialú ag dlí na hÉireann.