
An Creat Dlíthiúil
Mínítear ar an leathanach seo an bunús dlí lena rialaítear oibriú an Phríomh-Cláir Creidmheasa. Leagtar amach na príomhdhlíthe agus príomhrialacháin lena sainítear an chaoi ina n-oibríonn an Príomh-Chlár Creidmheasa, an fhaisnéis a bhailíonn sé, agus an chaoi ina gcosnaítear do chuid sonraí pearsanta.
An Creat Dlíthiúil
Leis an Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 (arna leasú), leagtar síos an bonn reachtúil faoina mbíonn an Príomh-Chlár Creidmheasa á oibriú ag an mBanc Ceannais. Leagtar amach forálacha ann maidir leis na nithe seo a leanas:
- Raon feidhme an Phríomh-Chláir Creidmheasa, cé leis a mbaineann sé agus na tairseacha gaolmhara maidir le tuairisciú
- Faisnéis a shealbhú ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, lena n-áirítear an fhaisnéis phearsanta agus chreidmheasa is féidir a shealbhú ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa
- An fhaisnéis a áireofar ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa agus réimse na faisnéise pearsanta agus creidmheasa a bhaileofar
- Rochtain ar an bhfaisnéis ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuirfear ar fáil mar fhreagairt ar iarratas ar rochtain
- Faisnéis a choinneáil, a leasú agus a cheartú
- Na tobhaigh agus táillí a fhéadfar a ghearradh ar úsáideoirí an Phríomh-Chláir Creidmheasa
Leis an Acht um Thuairisciú Creidmheasa, leagtar síos an bonn reachtúil maidir le hoibriú an Phríomh-Chláir Creidmheasa. Beidh próiseáil sonraí pearsanta de chuid ábhar sonraí á rialú ag na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018 agus ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.
Is é seo a leanas an creat dlíthiúil a thacaíonn leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa:
Reachtaíocht Phríomhúil
Rialacháin
- Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 6) (Faisnéis Phearsanta Bhreise) 2016
- Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 11) (Faisnéis a Sholáthar le haghaidh an Phríomh-Chláir Creidmheasa) 2016
- Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 17) (Rochtain ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa) 2016
- Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 20) (Céannacht Ábhar Faisnéise Creidmheasa a Fhíorú) 2016
- Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 24) (Fógraí) 2016
- Na rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 26) (Táillí) 2018
- Na rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 26) (Táillí) (Leasú) 2018
- Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 20) (Céannacht Ábhar Faisnéise Creidmheasa a Fhíorú) (Leasú) 2019

Suíomh Bhanc Ceannais na hÉireann
Chun tuilleadh eolais a fháil ar rialáil airgeadais, cosaint tomhaltóirí, agus an Príomh-Chlár Creidmheasa, téigh go dtí suíomh gréasáin Bhanc Ceannais na hÉireann.