Eolas do Ráthóirí
Soláthraíthear leis an Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 agus na Rialacháin an bonn dlíthiúil chun faisnéis chreidmheasa agus phearsanta a bhailiú agus a phróiseáil.
Ón 1 Feabhra 2025, ní mór d’iasachtóirí faisnéis phearsanta agus chreidmheasa a chur isteach do ráthaíochtaí i leith iasachtaí a dhéanfar ón 1 Feabhra 2025.
Má tá ráthaíocht tugtha agat i leith iasachta do dhuine eile, nó má tá tú i mbun amhlaidh a dhéanamh, tá an ceart ag iasachtóir cóip de do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh.
Beidh faisnéis iomlán i do thuarascáil chreidmheasa maidir le hiasachtaí atá i d’ainm féin, mar aon le faisnéis theoranta maidir le haon iasachtaí atá ráthaithe agat.
Is féidir tuarascálacha creidmheasa samplacha a fheiceáil anseo.