Táillí agus Tobhaigh
Tá rialacháin déanta ag Banc Ceannais na hÉireann lena rialaítear na táillí is iníoctha ag iasachtóirí i leith fiosruithe ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Téann na rialacháin seo i ngleic freisin le nithe gaolmhara ar nós socruithe a bhaineann le táillí a íoc, a bhailiú agus a ghnóthú agus le díolúintí.
Is féidir le hiasachtaithe, ar daoine aonair iad, a dtuarascálacha creidmheasa a iarraidh saor in aisce tráth ar bith, ar choinníoll nach mbeidh na hiarrataí sin iomarcach i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tugtar ‘úsáid chothrom’ air seo. Má tá iarrataí gan bhunús nó iomarcach, go háirithe toisc iad a bheith athráiteach, is féidir leis an rialaitheoir sonraí táille réasúnach a ghearradh nó diúltú gníomhú de bhun na hiarrata.
Is féidir le hiasachtaithe nach daoine aonair iad (cuideachtaí mar shampla) tuarascáil chreidmheasa a iarraidh saor in aisce uair amháin sa bhliain. Beidh táille €6.35 ar aon iarratas ina dhiaidh sin sa bhliain sin.
Mar a fhoráiltear sna Rialacháin, is é €5.00 an muirear uasta a ghearrfar ar iasachtóirí in aghaidh gach fiosraithe. Ón 1 Eanáir 2024, áfach, is é €3.00 an muirear a ghearrfar ar iasachtóirí in aghaidh an fhiosraithe. Féadfaidh an Banc Ceannais athbhreithniú a dhéanamh air seo tar éis tréimhse oibriúcháin iarbhír.
Coimeádfaidh Banc Ceannais na hÉireann a cheart faoin Acht chun tobhach i leith an Phríomh-Chláir Creidmheasa a thabhairt isteach amach anseo. Bunaíodh an Príomh-Chlár Creidmheasa ar an mbonn go ndéanfaí na costais go léir a bhaineann leis a fháil ar ais.