Leasú

Leasú a Iarraidh

Má mheasann tú go bhfuil faisnéis mhíchruinn i do thuarascáil chreidmheasa, molaimid duit, ar an gcéad dul síos, tuarascáil chreidmheasa atá cothrom le dáta a fháil. Ar an gcaoi sin, beidh tú in ann an fhaisnéis is gá a leasú a aithint.

Faisnéis Phearsanta a Leasú

Áirítear i bhfaisnéis phearsanta, d’ainm, do sheoladh, do dháta breithe nó d’uimhir PSP. B’fhearr duit dul i dteagmháil le d’iasachtóir ar an gcéad dul síos más gá faisnéis phearsanta mhíchruinn a leasú.

Tá sé tábhachtach go ndéanfar an fhaisnéis a cheartú ag an bhfoinse, is é sin le rá, taifid an iasachtóra, sula gcuirfear ar aghaidh chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa iad. Mura ndéantar amhlaidh, tá an baol ann go leanfar d’fhaisnéis phearsanta mhícheart a chur chuig an bPríomh-Chlár gach mí.

Is féidir leat tús a chur leis an bpróiseas chun faisnéis sa Tuarascáil Chreidmheasa a leasú trí theagmháil a dhéanamh le d’iasachtóir leis na sonraí cearta. Ba cheart duit aon fhaisnéis bhreise a thacódh le d’iarratas a chur ar fáil freisin.

Faisnéis Chreidmheasa a Leasú

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa chun faisnéis chreidmheasa mhíchruinn i do Thuarascáil Chreidmheasa a leasú. Mar shampla, b’fhéidir go bhfuil an tuarascáil chreidmheasa neamhiomlán toisc go bhfuil íocaíocht ar iarraidh. Bheadh an fhaisnéis chreidmheasa míchruinn freisin dá mbeadh an t-iarmhéid gan íoc mícheart nó dá mbeadh líon na n-íocaíochtaí thar téarma mícheart.

Léigh ar mbileog eolais maidir le Leasuithe, ansin

Breathnaigh ar an liosta de na doiciméid aitheantais atá inghlachta;

Bain úsáid as na cnaipí thíos chun iarratas nua ar leasú a thosú nó chun stádás iarratais reatha a sheiceáil.

 

 

DAOINE AONAIR (tomhaltóir, trádálaí aonair nó aon duine nádúrtha eile ar féidir leis no léi UPSP a chur ar fail)

 

EINTITIS NEAMHDHAONNA (cuideachta, eintiteas dlíthiúil, nó aon eintiteas eile ar féidir leis uimhir BRN nó CRO nó a coibhéis eachtrach a chur ar fail)

 

 

 

Chun d’fhoirm a chomhlánú ar líne lean na treoracha ar an scáileán.


Mura bhfuil tú in ann an próiseas seo a chomhlánú ar líne agus más duine aonair thú, féadfaidh tú foirm iarratais a íoslódáil anseo. Comhlánaigh agus seol ar ais é le gach doiciméad riachtanach leis an bpost chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
Más duine aonair tú agus mura bhfuil tú in ann iarratas a dhéanamh ar líne seol ríomhphost chuig myrequest@centralcreditregister.ie

Tógfaidh sé níos mó ama iarratas poist a phróiseáil ná iarratas ar line.