Cad é an Príomh-Chlár Creidmheasa?
Déantar faisnéis phearsanta agus chreidmheasa maidir le hiasachtaí €500 nó níos mó a stóráil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Bíonn sé á oibriú ag Banc Ceannais na hÉireann faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013.
Rinne an Banc Ceannais conradh le CRIF Ireland Ltd., fochuideachta CRIF Italy S.p.A ar lánúinéireacht, chun an Príomh-Chlár Creidmheasa a oibriú ar a shon.
Soláthraíonn an an bPríomh-Chlár Creidmheasa tuairiscí creidmheasa d’iasachtaithe agus d’iasachtóirí. Tá tuilleadh faisnéise faoi úsáidí sonraí an Chláir Lárnach Creidmheasa anseo.
Tá sé de cheart agat do thuairisc creidmheasa a iarraidh, saor in aisce, ag am ar bith.
Féach tuarascáil shamplach creidmheasa.
Déan iarratas ar do thuairisc chreidmheasa anseo.
Ina theannta sin, tacaíonn an Príomh-Chlár Creidmheasa le hoibleagáidí agus feidhmeanna an Bhainc Ceannais, lena n-áirítear cosaint tomhaltóirí, an earnáil airgeadais a mhaoirsiú agus cobhsaíocht airgeadais a chinntiú.
Ón 30 Meitheamh 2017 i leith, tá faisnéis phearsanta agus chreidmheasa maidir le hiasachtaí á cur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa gach mí ag iasachtóirí, lena n-áirítear bainc, comhair chreidmheasa, agus aon iasachtóir eile a mbíonn iasachtaí €500 nó níos mó á soláthar acu do thomhaltóirí. Ar dtús, bhí cártaí creidmheasa, morgáistí, rótharraingtí agus iasachtaí pearsanta i gceist.
Ón 31 Márta 2018 i leith, tá faisnéis á cur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa gach mí ag soláthraí creidmheasa ardchostas (iasachtóirí ceadúnaithe airgid) agus údaráis áitiúla. Tá iasachtaí do ghnóthaí san áireamh ón tráth sin freisin.
Ón 30 Meitheamh 2019 i leith, tá faisnéis maidir le fruilcheannach, pleananna conartha pearsanta (PCPanna) agus iasachtaí maoinithe sócmhainní á cur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa ag iasachtóirí. Faigh tuilleadh faisnéise maidir lena bhfuil ar áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
Faigh tuilleadh faisnéise faoi na rudaí atá ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa anseo.
Ní mór d’iasachtóirí do thuarascáil chreidmheasa a fháil má tá iarratas déanta agat ar iasacht €2,000 nó níos mó. Is féidir le hiasachtóirí tuarascáil chreidmheasa a fháil más lú ná €2,000 an iasacht atá iarrtha.
Is féidir le hiasachtóir do Thuarascáil Chreidmheasa a fháil sna cásanna seo freisin:
- má tá athstruchtúrú ar iasacht reatha iarrtha agat
- má tá riaráistí ar iasacht Reatha
- má tá an teorainn ar chárta creidmheasa nó ar rótharraingt sáraithe agat
Ní dhéanfaidh an Príomh-Chlár Creidmheasa:
- cinneadh a ghlacadh i dtaobh iasacht a cheadú nó a dhiúltú - is é an t-iasachtóir a ghlacfaidh an cinneadh sin;
- tuarascálacha creidmheasa a scóráil nó a ghrádú.
Is leis an mBanc Ceannais an fhaisnéis a choinnítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa agus is é an Banc Ceannais a bheidh ina rialaitheoir sonraí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí. Léigh ár Ráiteas um Chosaint Sonraí.
Aon fhaisnéis a tharchuirfidh iasachtóirí chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa, úsáidfear í chun tuarascálacha creidmheasa aonair a chruthú. Tá ceart agat do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh tráth ar bith saor in aisce (faoi réir úsáid chothrom). Faigh amach conas do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh nó aon cheann de do chearta a fheidhmiú.
Brabhsáil an suíomh gréasáin seo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin an bPríomh-Chlár Creidmheasa nó léigh ár mbileoga Eolais.