Táillí agus Tobhaigh

rialacháin déanta ag Banc Ceannais na hÉireann lena rialaítear na táillí is iníoctha ag iasachtóirí i leith fiosruithe ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Téann na rialacháin seo i ngleic freisin le nithe gaolmhara ar nós socruithe a bhaineann le táillí a íoc, a bhailiú agus a ghnóthú agus le díolúintí.

Is féidir le hiasachtaithe, ar daoine aonair iad, ia dtuarascálacha creidmheasa a iarraidh saor in aisce tráth ar bith, ar choinníoll nach mbeidh na hiarrataí sin iomarcach i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tugtar ‘úsáid chothrom’ air seo.

Má tá iarrataí gan bhunús nó iomarcach, go háirithe toisc go bhfuil siad athráiteach,  is féidir leis an rialaitheoir sonraí táille réasúnach a ghearradh nó diúltú gníomhú de bhun na hiarrata.

Is féidir le hiasachtaithe, nach daoine aonair iad (mar shampla cuideachtaí), iarratas ar thuarascáil chreidmheasa a dhéanamh uair amháin sa bhliain saor in aisce. Beidh táille €6.35 ar aon iarratas ina dhiaidh sin sa bhliain sin.

Mar a fhoráiltear sna Rialacháin, is é €5.00 an muirear uasta a ghearrfar in aghaidh an fhiosraithe. Ón 1 Iúil 2019, áfach, is é €3.50 an muirear a ghearrfar ar iasachtóirí in aghaidh an fhiosraithe. Féadfaidh an Banc Ceannais athbhreithniú a dhéanamh air seo tar éis tréimhse oibriúcháin iarbhír.

Coimeádfaidh Banc Ceannais na hÉireann a cheart faoin Acht chun tobhach i leith an Phríomh-Chláir Creidmheasa a thabhairt isteach amach anseo. Bunaíodh an Príomh-Chlár Creidmheasa ar an mbonn go ndéanfaí na costais go léir a bhaineann leis a fháil ar ais.