Faisnéis a Choinneáil

Déanfar faisnéis chreidmheasa a thaifeadadh go dtí go mbeidh cúig bliana d’fhaisnéis i do thuarascáil chreidmheasa.

Fad a bheidh iasacht fós gníomhach, áfach, (i.e. iasacht a bhfuil íocaíochtaí fós á ndéanamh ina leith nó a bhfuiltear ag súil leis go ndéanfar íocaíochtaí ina leith), ní bheidh le feiceáil ag iasachtóirí ach an dá bhliain is déanaí den fhaisnéis íocaíochta.

Nuair a bheidh iasacht tugtha chun críche (áit a mbeidh na híocaíochtaí go léir íoctha, nó an iasacht tugtha chun críche nó díscríofa ag an iasachtóir), déanfar an fhaisnéis a bhaint go hiomlán den tuarascáil chreidmheasa cúig bliana i ndiaidh na híocaíochta deiridh.

Coinneofar faisnéis phearsanta ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa go ceann tréimhse cúig bliana ón dáta a nglanfar an iasacht deiridh.

Gach uair a gheobhaidh tusa nó iasachtóir ionchasach do thuarascáil chreidmheasa, cruthófar taifead, ar a dtugtar lorg, ar do thuarascáil chreidmheasa. Sa lorg sin, taifeadtar an dáta, ainm an iasachtóra, agus an chúis ar iarr an t-iasachtóir áirithe sin do thuarascáil chreidmheasa.

Taispeánfar an lorg sin ag bun na tuarascála agus fanfaidh sé ansin go ceann tréimhse cúig bliana tar éis don iasachtóir do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh.

Déanfar na doiciméid aitheantais a chuirfidh tú ar fáil mar chuid de d’iarratas a choinneáil go ceann tréimhse cúig bliana.

Féach ar thuarascáil chreidmheasa shamplach.

Déan Iarratas ar do Thuarascáil Chreidmheasa.

Ní dhéanfaidh an Príomh-Chlár Creidmheasa an méid seo a leanas:

  • cinneadh a ghlacadh i dtaobh iasacht a cheadú nó a dhiúltú - is é an t-iasachtóir a ghlacfaidh an cinneadh sin;
  • tuarascálacha creidmheasa a scóráil nó a ghrádú.