Cé a bheidh in ann tuarascáil chreidmheasa a iarraidh

Is féidir leatsa do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh tráth ar bith saor ina aisce (faoi réir úsáid chothrom).

Ní féidir le haon duine eile amhail céile/páirtí, cara, gaol, fostóir, comhairleoir airgeadais nó tiarna talún do thuarascáil chreidmheasa a fháil gan cead uaitse. Tugtar tríú páirtí ar dhuine den sórt sin. Más mian leat an cead sin a thabhairt do thríú páirtí, nó má tá tú féin ag gníomhú mar thríú páirtí, léigh ár mbileog eolais maidir le tríú páirtí sula gcuireann tú iarratas isteach ar thuarascáil chreidmheasa.

Beidh Soláthraithe Faisnéise Creidmheasa, nó iasachtóirí, in ann tuarascáil chreidmheasa a iarraidh:

  • má tá iarratas déanta agat ar iasacht nua;
  • má tá iarratas déanta agat ar iasacht reatha a athstruchtúrú;
  • má tá tú ar gcúl le haisíocaíochtaí ar iasacht reatha nó má tá an teorainn ar chárta creidmheasa nó ar rótharraingt sáraithe agat.

Liosta de Sholáthraithe Faisnéise Creidmheasa

 

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar thuarascáil chreidmheasa nó breathnú ar ár mbileog eolais maidir le tuarascáil chreidmheasa.