Suíomh na nIasachtóirí

Cé atá i dteideal clárú ar Shuíomh na nIasachtóirí

Chun rochtain a fháil ar Shuíomh na nIasachtóirí:

  • ní mór duit a bheith i do Sholáthraí Faisnéise Creidmheasa (Iasachtóir) mar a thuairiscítear san Acht um Thuairisciú Creidmheasa.
  • caithfidh Cód Soláthraíagus Uimhir Chláraithe arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais a bheith agat.

Liosta Soláthraithe Faisnéise Creidmheasa

Má tá ceist agat a bhaineann le hiaschtóir, féadfaidh tú eolas a fháil sna Ceisteanna Coitianta d’Iaschtóirí nó is féidir leat fiosrúchán a dhéanamh anseo.

Más iasachtóir tú agus má tá an Cód Soláthraí nó an Uimhir Chláraithe caillte agat nó mura bhfuair tú iad, féadfaidh tú fiosrúchan a dhéanamh.

Le do thoil, léigh ár ráiteas cosanta sonraí.

Cad is Soláthraí Faisnéise Creidmheasa ann

Faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013, ciallaíonn Soláthraí Faisnéise Creidmheasa:

  a) soláthraí rialáilte seirbhísí airgeadais b) GNBS c) údarás áitiúil, nó d) aon duine nach bhuil laistigh de mhír (a) go (c) a sholáthraíonn creidmheas, seachas—

          i. an Banc nó banc ceannais aon tíre nó aon chríche seachas an Stát, nó           ii. geallbhróicéir, de réir bhrí an Achta Geallbhróicéirí 1964.

Beidh feidhm ag na hoibleagáidí um thuairisciú creidmheasa le breis agus 500 iasachtóir lena n-áirítear bainc, comhair chreidmheasa, údaráis áitiúla, GNBS, iasachtóirí ceadúnaithe airgid, agus tithe maoinithe sócmhainní. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí leis na heintitis sin a bhfuil leabhair iasachta faighte acu ó institiúidí airgeadais Éireannacha le blianta beaga anuas freisin.

Tar éis duit clárú

A luaithe a chláróidh iasachtóirí, beidh siad ábalta rochtain a fháil ar na nithe seo agus iad a íoslódáil:

  • Doiciméid faisnéise atá cothrom le dáta agus lámhleabhair theicniúla lena n-áirítear Treoir don Phríomh-Chlár Creidmheasa, Lámhleabhar Ionduchtaithe, Lámhleabhar maidir le Faisnéis a Chur Isteach, Lámhleabhar Fiosruithe A2A agus an Lámhleabhar maidir le Bainistíocht Seirbhíse.
  • Ceisteanna Coitianta breise a thacaíonn leis na doiciméid faisnéise agus na lámhleabhair theicniúla.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sna Ceisteanna Coitianta.

Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le hAmlíne an Chlárúcháin.