Ráiteas Inrochtaineachta

Tá Banc Ceannais na hÉireann meáite ar a chinntiú go mbeidh an suíomh gréasáin seo inrochtana i gcomhréir le Rialacháin (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí) an Aontais Eorpaigh 2020 - I.R. Uimh. 358/2020 agus go mbeidh an suíomh gréasáin seo inrochtana don dream daoine is leithne agus is féidir, beag beann ar theicneolaíocht nó ar chumas.

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le www.centralcreditregister.ie.

Stádas maidir le Comhlíonadh

Tá an caighdeán comhchuibhithe Eorpach, Ceanglais Inrochtaineachta le haghaidh Táirgí agus Seirbhísí TFC (bunaithe ar Threoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1), á pháirtchomhlíonadh ag an suíomh gréasáin seo de bharr na neamhchomhlíontachtaí atá liostaithe thíos.

  1. Féadfaidh go mbeidh sé deacair cuid den téacs a léamh mar gheall ar chodarsnacht íseal dathanna.
  2. Tá roinnt teideal leathanach agus fotheideal ann nach bhfuil struchtúrtha le ceannteidil chearta HTML.
  3. D’fhéadfadh roinnt nascanna bheith ina gcúis le híoslódáil doiciméad gan choinne.
  4. Tá roinnt nascanna ann a osclaíonn fuinneoga brabhsála nua gan choinne.
  5. Féadfaidh go mbeidh sé deacair an cuardach suímh a úsáid gan léitheoir scáileáin.
  6. Féadfaidh go gcruthófar fadhbhanna nascleanúna nuair a bheidh léitheoir scáileáin á úsáid de bharr easpa scipeála go nasc ábhair.
  7. Féadfaidh go mbeidh sé deacair roinnt rialuithe foirme a thuiscint nuair a bheidh léitheoir scáileáin á úsáid.
  8. Tá roinnt táblaí sonraí ann nach bhfuil inrochtana go hiomlán ag léitheoirí scáileáin.

Tá obair forbartha ar siúl chun comhlíontacht sna réimsí sin a fheabhsú agus déanfar an ráiteas seo a nuashonrú de réir mar a dhéanfar forbairtí.

Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta seo

Rinneadh an ráiteas seo a athbhreithniú agus a nuashonrú ar an 17 Eanáir 2022.

Rinneadh tástáil ar an suíomh gréasáin seo i mí na Nollag 2021 ó thaobh chomhlíonadh na dTreoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG 2.1) Leibhéal-AA. Ba é I Like Cake consultancy a rinne an tástáil seo.

Bhain I Like Cake úsáid as cur chuige na Modheolaíochta um Measúnú ar Chomhréireacht Inrochtaineachta Gréasáin (WCAG-EM) chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an sampla de leathanaigh a ndéanfaí tástáil air.

Aiseolas agus Eolas Teagmhála

Ríomhphost: liam.mcmunn@centralbank.ie

Má tá tú míshásta leis an gcaoi ina bhfreagróimid do d’iarratas, is féidir leat gearán a dhéanamh ach ár Nós Imeachta Láimhseála Gearán Míchumais a leanúint.

Nós Imeachta Forfheidhmiúcháin

Má tá tú míshásta leis an gcaoi ina bhfreagróimid do d’iarratas nó do ghearán, is féidir leat gearán a dhéanamh chuig Oifig an Ombudsman faoi théarmaí an Achta um Míchumas 2005.

Oifig an Ombudsman
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773

Teil: +353 (0)1 639 5600

Ríomhphost: complaints@ombudsman.ie

Gréasáin: www.ombudsman.ie/disability-act/make-a-complaint