Liosta de Sholáthraithe Faisnéise Creidmheasa

Liosta de Sholáthraithe Faisnéise Creidmheasa

Cliceáil ar an nasc, gheobhaidh tú Liosta de Sholáthraithe Faisnéise Creidmheasa a bhfuil faisnéis phearsanta agus faisnéis chreidmheasa curtha chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa acu.

Déanfar an liosta a nuashonrú go rialta de réir mar a chuirfidh níos mó iasachtóirí faisnéis isteach.

Ó am go ham, is féidir le hiasachtóirí punanna iasachtaí a dhíol le hiasachtóirí eile.  Ciallaíonn sé sin go dtuairisceoidh an t-iasachtóir nua an iasacht don Phríomh-Chlár Creidmheasa.  Dá bharr sin, athrófar ainm an tSoláthraí Faisnéise Creidmheasa chuig ainm an tSoláthraí Faisnéise Creidmheasa nua ar do thuarascáil chreidmheasa. Ina theannta sin, d’fhéadfadh iasachtóirí teacht le chéile nó d’fhéadfadh iasachtóir amháin seilbh a fháil ar cheann eile. D’fhéadfadh athrú ainm tarlú dá bharr sin freisin.

In Alt 3.11 den Chód um Chosaint Tomhaltóirí de chuid an Bhainc Ceannais, leagtar amach na coinníollacha faoinar gá fógra a thabhairt do thomhaltóirí maidir le haistrithe den sórt sin. 

Úsáidtear an fhaisnéis a chuireann gach Soláthraí Faisnéise Creidmheasa ar fáil, agus an fhaisnéis sin amháin, chun tuarascáil chreidmheasa a chruthú. Níl teacht ag an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar aon doiciméid tacaíochta a bhaineann le hiasacht, ar nós foirmeacha iarratais nó téarmaí agus coinníollacha. Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le hathrú ainm, téigh i dteagmháil leis an Soláthraí Faisnéise Creidmheasa atá ainmnithe ar do thuarascáil chreidmheasa.

Faigh amach conas iarratas a dhéanamh ar do thuairisc chreidmheasa agus aon cheann de do chearta a fheidhmiú nó léigh ár Ceisteanna Coitianta.