An chaoi ina n-oibríonn an Príomh-Clár Creidmheasa

  

1.  Cuireann iasachtóirí faisnéis phearsanta agus chreidmheasa chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa i leith iasachtaí reatha €500 nó níos mó. Cuireann iasachtóirí faisnéis phearsanta agus chreidmheasa chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa i leith iarratas ar iasachtaí €2,000 nó níos mó.

2. Próiseálann an Príomh-Chlár Creidmheasa sonraí d’fhonn tuarascáil chreidmheasa a bheidh cruinn agus cothrom le dáta a chruthú agus a choinneáil do gach iasachtaí.
 
3. Is féidir le hiasachtaithe agus le hiasachtóirí tuarascálacha creidmheasa a iarraidh. Cruthaítear lorg gach uair a eisítear tuarascáil chreidmheasa chuig iasachtóir nó chuig iasachtaí.