Do Chearta
Táthar ag súil go mbeidh tuarascálacha creidmheasa ar fáil go luath in 2018 d’iasachtóirí agus d’iasachtaithe.
Nuair a bheidh siad ar fáil, beidh tú ábalta:
Ráiteas míniúcháin a chur isteach i do thuarascáil chreidmheasa
Beidh an ceart agat ráiteas míniúcháin 200 focal ar a mhéad a thabhairt maidir le haon fhaisnéis a bheidh á coinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, agus déanfar an ráiteas sin a áireamh sa tuarascáil chreidmheasa.
Iarratas a dhéanamh ar leasú faisnéise
Tá an ceart agat iarratas a dhéanamh chuig d’iasachtóirí agus chuig an mBanc Ceannais chun faisnéis a choinnítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa a leasú má chreideann tú go bhfuil sí míchruinn, nó neamhiomlán nó nach bhfuil sí cothrom le dáta.
Fógraí maidir le pearsanú amhrasta
Tá an ceart agat fógra a thabhairt don iasachtóir nó don Bhanc Ceannais má chreideann tú le réasún go raibh nó go bhfuil pearsanú á dhéanamh ag aon duine ort nó go bhfuil aon duine ar tí pearsanú a dhéanamh ort.
Do thuarascáil chreidmheasa a fháil
Tá an ceart agat do thuarascáil chreidmheasa féin a iarraidh tráth ar bith agus beidh an chéad tuarascáil gach bliain saor in aisce. Déanfar sonraí maidir le do stair chreidmheasa ón 30 Meitheamh 2017 ar aghaidh a stóráil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
Chun do thuarascáil a fháil, beidh ort doiciméid sainaitheantais áirithe a chur ar fáil. Cinnteoidh sé seo go bhfaighidh an duine ceart and tuarascáil chreidmheasa cheart. Déanfar an suíomh gréasáin a uasdátú roimh ré leis na sonraí seo a leanas:
- An dáta ar a mbeidh tuarascálacha creidmheasa ar fáil
- An próiseas a bheidh le leanúint chun do thuarascáil chreidmheasa a fháil
- Liosta de na doiciméid sainaitheantais a bheidh ag teastáil chun do thuarascáil chreidmheasa a fháil
- Treoir do thomhaltóirí maidir le do chearta agus an chaoi inar féidir leat úsáid a bhaint astu