Raon an Phríomh-Chláir Creidmheasa

Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn, cliceáil anseo. Sula ndéanann tú amhlaidh, áfach, is fiú breathnú ar na ceisteanna coitianta thíos mar seans go bhfuil freagra ar do cheist ansin.

Tá. Tá cláir chreidmheasa i bhfeidhm ar fud an domhain le blianta fada anuas, ag cuidiú le hiasachtóirí cinntí a ghlacadh agus ag cuidiú le hiasachtaithe an féichiúnas a sheachaint. San AE, tá cláir chreidmheasa i bhfeidhm i bhformhór na mBallstát, lena n-áírítear an Ghearmáin agus an Fhrainc. Is é Banc Ceannais na Beilge a fheidhmíonn an Príomh-Chlár Creidnmheasa sa Bheilg.

In Éirinn, foráiltear san Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 gurb éan Banc Ceannais a bheidh freagrach as bunú agus feidhmiú córas náisiúnta, éigeantach tuairiscithe creidmheasa dá ngairtear an Príomh-Chlár Creidmheasa.

Thug an Rialtas gealltanas mar chuid de Chlár AE/CAI um Thacaíocht Airgeadais d’Éirinn chun creat dlíthiúil a fhorbairt lena n-éascófaí faisnéis airgeadais maidir le hiasachtaithe a bhailiú agus a lárú. 

Rinneadh an tAcht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 a fhoirmiú ó na moltaí a bhí i dTuarascáil na Meithle Idirghníomhaireachta ar Stair Chreidmheasa inar moladh go mbunófaí príomh-chlár creidmheasa chun laigí a sainaithníodh i dtuarascálacha éagsúla a foilsíodh i ndiaidh na géarchéime baincéireachta a réiteach.

Cuirfidh an Clár le cobhsaíocht airgeadais agus le cosaint tomhaltóirí ar na modhanna seo a leanas:

  • Trí anailís níos cuimsithí a chur ar fáil d'iasachtóirí maidir le hacmhainneacht creidmheasa iasachtaithe
  • Trí fhaisnéis a thabhairt d'iasachtaithe maidir lena bpróifíl airgeadais
  • Trí léargas níos fearr a thabhairt don Bhanc Ceannais ar mhargaí airgeadais agus trí thacú le feidhmeanna éagsúla de chuid an Bhainc Ceannais.

Ar iasachtaithe, áirítear iasachtaithe tomhaltóra, daoine aonair, trádalaithe aonair, cuideachtaí agus aon eintitis eile a bheidh lonnaithe sa Stát an tráth a dhéanfar an t-iarratas ar chreidmheas, mar shampla clubanna nó cumainn, nó i gcás ina mbeidh an comhaontú creidmheasa faoi rialú ag dlí na hÉireann.

Le himeacht aimsire, áireofar ráthóirí a thugann ráthaíochtaí nó slánaíochtaí i leith comhaontuithe eile.

Ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, áirítear iasachtaí amhail:

  • Cártaí Creidmheasa
  • Morgáistí
  • Rótharraingtí
  • Iasachtaí Pearsanta

Más rud é

  • gurb ionann an iasacht agus €500 nó níos mó; agus
  • go bhfuil cónaí ar an iasachtaí sa Stát an tráth a dhéanfaidh sé/sí iarratas ar iasacht

  • go bhfuil an comhaontú iasachta nó an t-iarratas ar iasacht faoi rialú ag dlí na hÉireann.

Déanfar iasachtaí gnó, iasachtaí iasachtóirí airgid agus iasachtaí údarás áitiúil a áireamh ón 30 Márta 2018.

No míreanna le fáil.