Próiseáil Sonraí

Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn, cliceáil anseo. Sula ndéanann tú amhlaidh, áfach, is fiú breathnú ar na ceisteanna coitianta thíos mar seans go bhfuil freagra ar do cheist ansin.

Féadfar faisnéis phearsanta a choinneáil ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta ar a mbeidh an iasacht deiridh urscaoilte.

Déanfar faisnéis chreidmheasa a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta ar a mbeidh an iasacht urscaoilte.

Déanfar faisnéis um chomhlíonadh creidmheasa, amhail iarmhéid gan íoc agus líon na n-íocaíochtaí thar téarma, a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta ar a ndéanfar í a thaifeadadh ar an gClár.

Déanfar faisnéis phearsanta agus chreidmheasa a chur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa le héifeacht ón 30 Meitheamh 2017 i ndáil le hiasachtaí nua agus le hiasachtaí reatha.  Ní dhéanfar aon fhaisnéis maidir le hidirbhearta iasachtaí roimh an 30 Meitheamh 2017 a chur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Tosóidh an Príomh-Chlár Creidmheasa ar fhaisnéis a fháil ón 30 Meitheamh 2017.  Má bhíonn riaráistí agat ar do chuntas ar an 30 Meitheamh, cuirfear an fhaisnéis sin chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. 

No míreanna le fáil.