Cosaint Sonraí

Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn, cliceáil anseo. Sula ndéanann tú amhlaidh, áfach, is fiú breathnú ar na ceisteanna coitianta thíos mar seans go bhfuil freagra ar do cheist ansin.

Tá an t-iasachtóir freagrach as beachtas aon sonraí a aistreoidh sé chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.  Fad a bheidh an fhaisnéis sin fós ina sheilbh, beidh an t-iasachtóir ina rialaitheoir sonraí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí. 

A luaithe a gheobhaidh an Príomh-Chlár Creidmheasa na sonraí, tiocfaidh an Banc Ceannais chun bheith ina rialaitheoir sonraí.  Beidh sé de chúram ar an bPríomh-Chláir Creidmheasa a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis a chomhoiriúnú i gceart.

Má thugann tú faoi deara go bhfuil sonraí míchearta i do thuarascáil chreidmheasa, tá de cheart agat go ndéanfar na sonraí a cheartú. An tráth céanna a bheidh tuarascálacha creidmheasa ar fáil, beidh treoracha ar fáil ar an suíomh gréasáin maidir leis an gcaoi inar féidir leat leasú ar do chuid sonraí a iarraidh.

Ní hionann. Ní chruthóidh an Príomh-Chlár Creidmheasa liostaí nó comhaid de dhroch-íocóirí ná ní cheadófar d’iasachtóirí liostaí den sórt sin a chruthú. Ní fhéadfaidh iasachtóirí ach tuarascálacha creidmheasa a iarraidh ar bhonn aonair agus chun críche ceadaithe, amhail iarratas ar iasacht nua.

Féadfaidh gach iasachtóir cinneadh a dhéanamh i dtaobh iasacht a cheadú nó a dhiúltú, ag brath ní hamháin ar an tuarascáil chreidmheasa, ach ar shonraí maidir le hioncam agus sócmhainní agus ar bhonn aon fhaisnéise eile a bheidh ag teastáil uathu. 

Ceadaítear.  Faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 agus faoi na Rialacháin, tá an bunús dlí le haghaidh bhailiú agus a phróiseáil Uimhreacha PSP.  De bhreis air sin, chuaigh an Banc Ceannais i gcomhairle le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí sular foilsíodh na Rialacháin.

Beidh an chuma seo ar lorg:

 

LORG - 

Taifead ar rochtain le cúig bliana anuas

 
 

Ainm Soláthraí Faisnéise Creidmheasa

DÁTA AN FHIOSRAITHE

FEIDHM

CUSPÓIR    

 

BANC ABC

12/01/2016

IARRATAS NUA AR CHREIDMHEAS

IARRATAS NUA AR CHREIDMHEAS

 

BANKC DEF 

05/04/2015

FIOSRÚ FAIREACHÁIN

 ATHSTRUCHTÚRÚ

 

GHI FINANCE

06/11/2014

FIOSRÚ FAIREACHÁIN

SARÚ TÉARMAÍ 

 

JKL CU

06/01/2013

IARRATAS NUA AR CHREIDMHEAS

IARRATAS NUA AR CHREIDMHEAS

 

No míreanna le fáil.