Ceisteanna Coitianta
Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn, cliceáil anseo. Sula ndéanann tú amhlaidh, áfach, is fiú breathnú ar na ceisteanna coitianta thíos mar seans go bhfuil freagra ar do cheist ansin.
Tá. Tá cláir chreidmheasa i bhfeidhm ar fud an domhain le blianta fada anuas, ag cuidiú le hiasachtóirí cinntí a ghlacadh agus ag cuidiú le hiasachtaithe an féichiúnas a sheachaint. San AE, tá cláir chreidmheasa i bhfeidhm i bhformhór na mBallstát, lena n-áírítear an Ghearmáin agus an Fhrainc. Is é Banc Ceannais na Beilge a fheidhmíonn an Príomh-Chlár Creidnmheasa sa Bheilg.
In Éirinn, foráiltear san Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 gurb éan Banc Ceannais a bheidh freagrach as bunú agus feidhmiú córas náisiúnta, éigeantach tuairiscithe creidmheasa dá ngairtear an Príomh-Chlár Creidmheasa.
Thug an Rialtas gealltanas mar chuid de Chlár AE/CAI um Thacaíocht Airgeadais d’Éirinn chun creat dlíthiúil a fhorbairt lena n-éascófaí faisnéis airgeadais maidir le hiasachtaithe a bhailiú agus a lárú.
Rinneadh an tAcht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 a fhoirmiú ó na moltaí a bhí i dTuarascáil na Meithle Idirghníomhaireachta ar Stair Chreidmheasa inar moladh go mbunófaí príomh-chlár creidmheasa chun laigí a sainaithníodh i dtuarascálacha éagsúla a foilsíodh i ndiaidh na géarchéime baincéireachta a réiteach.
Cuirfidh an Clár le cobhsaíocht airgeadais agus le cosaint tomhaltóirí ar na modhanna seo a leanas:
- Trí anailís níos cuimsithí a chur ar fáil d'iasachtóirí maidir le hacmhainneacht creidmheasa iasachtaithe
- Trí fhaisnéis a thabhairt d'iasachtaithe maidir lena bpróifíl airgeadais
- Trí léargas níos fearr a thabhairt don Bhanc Ceannais ar mhargaí airgeadais agus trí thacú le feidhmeanna éagsúla de chuid an Bhainc Ceannais.
Ar iasachtaithe, áirítear iasachtaithe tomhaltóra, daoine aonair, trádalaithe aonair, cuideachtaí agus aon eintitis eile a bheidh lonnaithe sa Stát an tráth a dhéanfar an t-iarratas ar chreidmheas, mar shampla clubanna nó cumainn, nó i gcás ina mbeidh an comhaontú creidmheasa faoi rialú ag dlí na hÉireann.
Le himeacht aimsire, áireofar ráthóirí a thugann ráthaíochtaí nó slánaíochtaí i leith comhaontuithe eile.
Ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, áirítear iasachtaí amhail:
- Cártaí Creidmheasa
- Morgáistí
- Rótharraingtí
- Iasachtaí Pearsanta
Más rud é
- gurb ionann an iasacht agus €500 nó níos mó; agus
- go bhfuil cónaí ar an iasachtaí sa Stát an tráth a dhéanfaidh sé/sí iarratas ar iasacht
nó
- go bhfuil an comhaontú iasachta nó an t-iarratas ar iasacht faoi rialú ag dlí na hÉireann.
Déanfar iasachtaí gnó, iasachtaí iasachtóirí airgid agus iasachtaí údarás áitiúil a áireamh ón 30 Márta 2018.
Féadfar faisnéis phearsanta a choinneáil ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta ar a mbeidh an iasacht deiridh urscaoilte.
Déanfar faisnéis chreidmheasa a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta ar a mbeidh an iasacht urscaoilte.
Déanfar faisnéis um chomhlíonadh creidmheasa, amhail iarmhéid gan íoc agus líon na n-íocaíochtaí thar téarma, a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta ar a ndéanfar í a thaifeadadh ar an gClár.
Déanfar faisnéis phearsanta agus chreidmheasa a chur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa le héifeacht ón 30 Meitheamh 2017 i ndáil le hiasachtaí nua agus le hiasachtaí reatha. Ní dhéanfar aon fhaisnéis maidir le hidirbhearta iasachtaí roimh an 30 Meitheamh 2017 a chur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
DÁ MBEADH RIARÁISTÍ AGAM AR IASACHT, AN gCUIRFÍ AN FHAISNÉIS SIN CHUIG AN bPRÍOMH-CHLÁR CREIDMHEASA?
Tosóidh an Príomh-Chlár Creidmheasa ar fhaisnéis a fháil ón 30 Meitheamh 2017. Má bhíonn riaráistí agat ar do chuntas ar an 30 Meitheamh, cuirfear an fhaisnéis sin chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
Tá an t-iasachtóir freagrach as beachtas aon sonraí a aistreoidh sé chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Fad a bheidh an fhaisnéis sin fós ina sheilbh, beidh an t-iasachtóir ina rialaitheoir sonraí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí.
A luaithe a gheobhaidh an Príomh-Chlár Creidmheasa na sonraí, tiocfaidh an Banc Ceannais chun bheith ina rialaitheoir sonraí. Beidh sé de chúram ar an bPríomh-Chláir Creidmheasa a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis a chomhoiriúnú i gceart.
Má thugann tú faoi deara go bhfuil sonraí míchearta i do thuarascáil chreidmheasa, tá de cheart agat go ndéanfar na sonraí a cheartú. An tráth céanna a bheidh tuarascálacha creidmheasa ar fáil, beidh treoracha ar fáil ar an suíomh gréasáin maidir leis an gcaoi inar féidir leat leasú ar do chuid sonraí a iarraidh.
Ní hionann. Ní chruthóidh an Príomh-Chlár Creidmheasa liostaí nó comhaid de dhroch-íocóirí ná ní cheadófar d’iasachtóirí liostaí den sórt sin a chruthú. Ní fhéadfaidh iasachtóirí ach tuarascálacha creidmheasa a iarraidh ar bhonn aonair agus chun críche ceadaithe, amhail iarratas ar iasacht nua.
Féadfaidh gach iasachtóir cinneadh a dhéanamh i dtaobh iasacht a cheadú nó a dhiúltú, ag brath ní hamháin ar an tuarascáil chreidmheasa, ach ar shonraí maidir le hioncam agus sócmhainní agus ar bhonn aon fhaisnéise eile a bheidh ag teastáil uathu.
Ceadaítear. Faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 agus faoi na Rialacháin, tá an bunús dlí le haghaidh bhailiú agus a phróiseáil Uimhreacha PSP. De bhreis air sin, chuaigh an Banc Ceannais i gcomhairle le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí sular foilsíodh na Rialacháin.
Beidh an chuma seo ar lorg:
|
LORG - |
Taifead ar rochtain le cúig bliana anuas |
|||
|
Ainm Soláthraí Faisnéise Creidmheasa |
DÁTA AN FHIOSRAITHE |
FEIDHM |
CUSPÓIR |
|
|
BANC ABC |
12/01/2016 |
IARRATAS NUA AR CHREIDMHEAS |
IARRATAS NUA AR CHREIDMHEAS |
|
|
BANKC DEF |
05/04/2015 |
FIOSRÚ FAIREACHÁIN |
ATHSTRUCHTÚRÚ |
|
|
GHI FINANCE |
06/11/2014 |
FIOSRÚ FAIREACHÁIN |
SARÚ TÉARMAÍ |
|
|
JKL CU |
06/01/2013 |
IARRATAS NUA AR CHREIDMHEAS |
IARRATAS NUA AR CHREIDMHEAS |
|
No míreanna le fáil.