Cé a bheidh in ann Tuarascáil Chreidmheasa a fháil

Táthar ag súil go mbeidh tuarascálacha creidmheasa ar fáil go luath in 2018 d’iasachtóirí agus d’iasachtaithe.

Nuair a bheidh siad ar fáil:

Beidh iasachtóirí in ann tuarascáil chreidmheasa a iarraidh:

  • i gcás ina mbeidh iarratas déanta agat ar iasacht nua
  • i gcás ina mbeidh iarratas ar athstruchtúrú iasachta reatha déanta agat
  • i gcás ina mbeidh riaráistí agat ar iasacht reatha

Is féidir le hiasachtaithe tuarascáil chreidmheasa a iarraidh tráth ar bith agus beidh an chéad tuarascáil chreidmheasa a iarrfar gach bliain saor in aisce.

Ní féidir le haon duine eile amhail céile/páirtí, cara, gaol, fostóir nó tiarna talún do thuarascáil chreidmheasa a fháil gan cead uaitse.