Céard a bheidh ar áireamh sa tuarascáil chreidmheasa
Táthar ag súil go mbeidh na tuarascálacha creidmheasa ar fáil go luath sa bhliain 2018. Ní bheidh ach faisnéis phearsanta agus chreidmheasa i do thuarascáil chreidmheasa.
|
Folaíonn FAISNÉIS PHEARSANTA |
Folaíonn FAISNÉIS CHREIDMHEASA |
|
Ainm (céadainm & sloinne) Seoladh reatha agus seoltaí roimhe seo & éirchóid Dáta breithe Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPSN) Inscne Uimhir theileafóin Uimhir ghutháin |
Cineál na hiasachta (cárta creidmheasa, morgáiste, rótharraingt agus iasacht phearsanta) Ainm an iasachtóra Méid na hiasachta Iarmhéid gan íoc Líon na n-iasachtaí thar téarma, más ann dóibh Dáta na chéad íocaíochta eile Méid na chéad iocaíochta eile |
Iasachtóirí, lena n-áirítear bainc, comhair chreidmheasa, agus aon iasachtóir eile a thabharfaidh iasacht de €500 nó níos mó do thomhaltóir, déanfaidh siad faisnéis phearsanta agus chreidmheasa maidir le hiasachtaí reatha amhail ar an 30 Meitheamh 2017 a aistriú chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Folaíonn an fhaisnéis sin, fáisnéis amhail líon na n-íocaíochtaí thar téarma, más ann dóibh, agus an méid a bheidh fós amuigh an tráth sin. Déanfar an fhaisnéis sin a aistriú ar bhonn míosúil ina dhiaidh sin.
Bailítear faisnéis phearsanta chun a chinntiú go ndéantar iasachtaí agus iasachtaithe a chur le chéile i gceart ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
Folaíonn faisnéis chreidmheasa, faisnéis chreidmheasa dhearfach, mar shampla íocaíocht a rinneadh; agus faisnéis chreidmheasa dhiúltach, mar shampla íocaíocht nach ndearnadh. Cuirfear leis an bhfaisnéis seo le himeacht aimsire go dtí go léireofar cúig bliana d’idirbhearta sa tuarascáil chreidmheasa.
Ní bheidh scór nó rátáil ón bPríomh-Chlár Creidmheasa i do thuarascáil chreidmheasa.
Gach uair a gheobhaidh iasachtóir rochtain ar do thuarascáil chreidmheasa, fágfaidh siad lorg digiteach. Is ionann lorg agus taifead ar an dáta, ar ainm an iasachtóra, agus ar an gcúis a d’iarr an t-iasachtóir áirithe sin do thuarascáil chreidmheasa.
Taispeánfar an lorg sin ag bun na tuarascála creidmheasa agus coimeádfar é go ceann cúig bliana tar éis don iasachtóir rochtain a fháil ar do thuarascáil chreidmheasa. Cliceáil anseo chun a fháil amach cé a bheidh in ann tuarascáil chreidmheasa a fháil.