Cúlra

Thug an Rialtas gealltanas mar chuid de Chlár AE/CAI um Thacaíocht Airgeadais d’Éirinn chun creat dlíthiúil a fhorbairt lena n-éascófaí faisnéis airgeadais maidir le hiasachtaí a bhailiú agus a lárú. Rinneadh an tAcht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 a fhoirmiú ó na moltaí a bhí i dTuarascáil na Meithle Idirghníomhaireachta ar Stair Chreidmheasa inar moladh go mbunófaí príomh-chlár creidmheasa chun laigí a sainaithníodh i dtuarascálacha éagsúla a foilsíodh i ndiaidh na géarchéime baincéireachta a réiteach.

Is córas nua slán é an Príomh-Chlár Creidmheasa ina mbailítear sonraí pearsanta agus creidmheasa maidir le hiasachtaí de €500 nó níos mó. Tá sé ar úinéireacht agus á fheidhmiú ag Banc Ceannais na hÉireann faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013. Cliceáil anseo chun a fháil amach céard atá ar áireamh sa Phríomh-Chlár Creidmheasa.

Is leis an mBanc Ceannais an fhaisnéis a choinnítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa agus is é an Banc Ceannais a bheidh ina rialaitheoir sonraí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí.

Aon fhaisnéis a aistreoidh iasachtóirí chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa, úsáidfear í chun tuarascálacha creidmheasa aonair a chruthú. Féadfaidh go gcuideoidh tuarascáil chreidmheasa le hiasachtóirí freisin nuair a bheidh cinntí á ndéanamh acu maidir le hiasachtaí nó maidir le hiarratais ar iasachtaí.

 

Ní dhéanfaidh an Príomh-Chlár tuarascálacha creidmheasa a scóráil nó a ghradú.

 

Ní hé an Príomh-Chlár Creidmheasa a dhéanfaidh cinneadh i dtaobh iasacht a cheadú nó a dhiúltú - is é an t-iasachtóir a dhéanfaidh an cinneadh sin.

Cliceáil anseo chun a fháil amach cé a bheidh in ann tuarascáil chreidmheasa a fháil.

Iasachtóirí, lena n-áirítear bainc, comhair chreidmheasa, agus aon iasachtóir eile a thabharfaidh iasacht de €500 nó níos mó do thomhaltóir, déanfaidh siad faisnéis phearsanta agus chreidmheasa maidir le hiasachtaí reatha amhail ar an 30 Meitheamh 2017 a aistriú chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Folaíonn an fhaisnéis sin, fáisnéis amhail líon na n-íocaíochtaí thar téarma, más ann dóibh, agus an méid a bheidh fós amuigh an tráth sin. Déanfar an fhaisnéis sin a aistriú ag

Táthar ag súil go mbeidh tuarascálacha creidmheasa ar fáil go luath in 2018, ar choinníoll gur féidir comhdhlúthú sonraí a thabhairt chun críche go sásúil faoin tráth sin.  Déanfar an suíomh gréasáin seo a nuashonrú leis an dáta beacht ar a mbeidh tuarascálacha creidmheasa ar fáil.

I ndiaidh an 30 Márta 2018, tosóidh iasachtóirí ceadúnaithe airgid agus údaráis áitiúla ar fhaisnéis a aistriú chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. 

Déanfar faisnéis maidir le hiasachtaí gnó a aistriú chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa ag an tráth sin freisin.