Táille an Phríomh-Chláir Creidmheasa
Táthar ag súil go mbeidh tuarascálacha creidmheasa ar fáil d’iasachtóirí agus d’iasachtaithe go luath sa bhliain 2018.
Ansin beidh iasachtaithe, ar pearsana aonair iad, ábalta a dtuarascáil chreidmheasa a iarraidh saor in aisce tráth ar bith, ar choinníoll nach mbeidh na hiarratais sin iomarcach i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.
De réir Airteagal 12 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), i gcás inar léir go bhfuil iarratais ón ábhar sonraí gan bhunús nó iomarcach, go háirithe toisc iad a bheith athráiteach, féadfaidh an rialaitheoir sonraí táille réasúnach a ghearradh lena gcuirfear san áireamh na costais riaracháin a bhaineann leis an bhfaisnéis nó leis an gcumarsáid a chur ar fáil nó a bhaineann leis an ngníomhaíocht a bheidh iarrtha a dhéanamh nó féadfaidh sé diúltú gníomhú de réir an iarratais.
Ní ghearrfar táille ar iasachtóir i leith rochtain a fháil ar an gClár go dtí an 1 Eanáir 2019.
Déanfar na táillí a bheidh le híoc ag iasachtóirí a shocrú sa chéad ráithe de 2018. Beidh tionchar ag tosca éagsúla ar an leibhéal ag a socrófar na táillí, lena n-áirítear uainiú aon leasaithe ar an Acht um Thuairisciú Creidmheasa (’an tAcht’) chun eisiamh ‘creidmheasa trádála’ a shoiléiriú, ach gan bheith teoranta dó sin.
Bunaíodh an Clár ar an mbonn go ndéanfar na costais go léir a bhaineann leis a fháil ar ais. Tá sé beartaithe go ndéanfar costais an Chláir a fháil ar ais trí ‘tháille chliceála’ a úsáid i.e. buntáille gach uair a dhéanfaidh iasachtóirí an Clár a rochtain. Ar a shon sin, coimeádfaidh Banc Ceannais na hÉireann a cheart faoin Acht chun tobhach a thabhairt isteach níos déanaí don Chlár.
Déanfar tuilleadh faisnéise maidir le táillí a fhoilsiú sa chéad ráithe de 2018 ar www.centralcreditregister.ie.
Déanfaidh Banc Ceannais na hÉireann athbhreithniú ar an gcur chuige seo tar éis tréimhse oibriúcháin.