Gluais

Sa ghluais seo, tugtar léirmhíniú ar na príomhthéarmaí a úsáidtear ar an suíomh gréasáin seo.

A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
A A
  • Ciallaíonn An tAcht

    an tAcht um Thuairisciú Creidmheasa 2013

  • Ciallaíonn Ábhar Faisnéise Creidmheasa (CIS)

    Iasachtaí - aon duine a mbeidh iarratas ar chreidmheas déanta aige nó aici nó a mbeidh comhaontú creidmheasa déanta aige nó aici le CIP.  Áireofar duine is ráthóir ag tráth níos déanaí.

  • Ciallaíonn Amharc Iasachtaí Aonair

    an chaoi ina léirítear faisnéis maidir le hiasachtaí ar an gClár. Déantar na hiarratais agus na comhaontuithe go léir a bhaineann le hiasachtaí a nascadh faoi phróifíl iasachtaí amháin.

B B C C
  • Ciallaíonn Clár

    an Príomh-Chlár Creidmheasa - bunachar sonraí d’fhaisnéis phearsanta agus chreidmheasa arna bhunú ag an mBanc faoin Acht.

  • Ciallaíonn Comhaontú creidmheasa agus na daoine sin lena mbaineann an t-acht

    comhaontú idir CIP agus CIS chun creidmheas a sholáthar. Caithfidh an CIS a bheith ina chónaí/cónaí sa Stát an tráth a dhéanfar an comhaontú nó caithfidh an comhaontú a bheith faoi réir dhlí na hÉireann, agus caithfidh an méid a bheith comhionann le €500 nó níos mó.

  • Ciallaíonn Creidmheas

    iasacht, íocaíocht iarchurtha nó foirm garaíochta eile seachas ceann a sholáthróidh institiúid chreidmheasa amháin d’institiúid chreidmheasa eile, d’aon eintiteas a bheidh aicmithe mar eintiteas laistigh den rialtas ginearálta; iasachtaí idir cuideachtaí, nuair a sholáthraítear creidmheas d’fhostaithe amháin; chun fóntais a sholáthar; chun earraí nó seirbhísí a cheannach ón duine a sholáthraíonn an creidmheas nó i gcás nach mbeidh ús nó muirear eile iníoctha.

  • Ciallaíonn CRIF

    CRIF Ireland Ltd (fochuideachta CRIF S.p.A ar lánúinéireacht) a fheidhmíonn an Clár thar ceann an Bhainc Ceannais.

F F
  • Ciallaíonn Faisnéis chreidmheasa

    Faisnéis a bhaineann le cineál agus téarma an iarratais ar chreidmheas nó an chomhaontaithe creidmheasa, amhail cineál táirge, minicíocht aisíocaíochta, dáta tosaithe agus dáta aibíochta. Ina theannta sin, folaíonn sí aon athruithe ar chineál nó ar théarma an chomhaontaithe creidmheasa; aon fhaisnéis eile a bhaineann le feidhmiú oibleagáidí.

I I
  • Ciallaíonn Iarratas ar chreidmheas agus na daoine sin lena mbaineann an t-acht

    Iarratas arna dhéanamh ag CIS chuig CIP chun creidmheas a sholáthar.  Ní mór don CIS a bheith ina chónaí/cónaí sa Stát an tráth a dhéanfar an t-iarratas, agus ní mór don mhéid a bheith comhionann le €500 nó níos mó.

  • Ciallaíonn Iasachtóir

    Soláthraí Faisnéise Creidmheasa - aon duine a sholáthraíonn creidmheas amhail soláthraí rialáilte seirbhísí airgeadais; GNBS; údarás áitiúil; agus aon duine eile a sholáthraíonn creidmheas.  Eisiatar Banc Ceannais na hÉireann, aon Bhanc Ceannais eile agus geallbhróicéirí.

  • Ciallaíonn Iasachtaí

    Ábhar Faisnéise Creidmheasa - aon duine a mbeidh iarratas ar chreidmheas déanta aige nó aici nó a mbeidh comhaontú creidmheasa déanta aige nó aici le CIP.  Áireofar duine is ráthóir ag tráth níos déanaí.

S S
  • Ciallaíonn Soláthraí Faisnéise Creidmheasa (CIP)

    Iasachtóir - aon duine a sholáthraíonn creidmheas amhail soláthraí rialáilte seirbhísí airgeadais; GNBS; údarás áitiúil; agus aon duine eile a sholáthraíonn creidmheas.  Eisiatar Banc Ceannais na hÉireann, aon Bhanc Ceannais eile agus geallbhróicéirí.

T T
  • Ciallaíonn Tomhaltóir

    Duine dlítheanach, a bheidh ag gníomhú lasmuigh dá thrádáil/trádáil, dá ghnó/gnó nó dá ghairm/gairm mar atá sainithe san Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí.

  • Ciallaíonn Tuarascáil Chreidmheasa

    cóip chrua nó cóip bhog de dhoiciméad a tháirgeann an Clár mar fhreagairt ar iarratas ar rochtain.