Amlíne
Amlíne an Phríomh-Chláir Creidmheasa
Déanfar an Príomh-Chlár Creidmheasa a chur chun feidhme ar bhonn céimnithe. Díreoidh Céim 1 ar aistriú faisnéise maidir le hiasachtaí tomhaltóirí fad a dhíreoidh Céim 2 ar aistriú faisnéise ó iasachtóirí airgid, ó údaráis áitiúla agus ar iasachtaí gnó.
Céim 1
30 Meitheamh 2017
Tosóidh iasachtóirí (seachas iasachtóirí airgid agus údaráis áitiúla) ar fhaisnéis maidir le hiasachtaí tomhaltóirí a aistriú chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar bhonn míosúil.
31 Nollaig 2017
Ní mór d’iasachtóirí (seachas iasachtóirí airgid agus údaráis áitiúla) an t-aistriú faisnéise maidir le hiasachtaí tomhaltóirí chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa a bheith curtha i gcrích acu. Ní mór an fhaisnéis a shiardhátú go dtí an 30 Meitheamh 2017.
Ar choinníoll go mbeidh cáilíocht na faisnéise sásúil, féadfaidh iasachtaithe agus iasachtóirí tuarascálacha creidmheasa a iarraidh.
Céim 2
31 Márta 2018
Tosóidh iasachtóirí ceadúnaithe airgid agus údaráis áitiúla ar fhaisnéis maidir le hiasachtaí tomhaltóirí a aistriú chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Féadfaidh iasachtóirí a mbeidh tús curtha acu le haistriú faisnéise faoin tráth seo tosú ar thuarascálacha creidmheasa a iarraidh.
Déanfar iasachtaí gnó amhail iasachtaí chuig cuideachtaí, chomhpháirtíochtaí, clubanna agus cumainn a áireamh ag an bpointe seo.
30 Meán Fómhair 2018
Ní mór d’iasachtóirí airgid agus d’údaráis áitiúla an t-aistriú faisnéise maidir le hiasachtaí tomhaltóirí chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa a bheith curtha i gcrích acu. Ní mór an fhaisnéis a shiardhátú go dtí an 31 Márta 2018.
Iasachtóirí a bheidh faoi réir Chéim 1, ní mór dóibh tuarascáil chreidmheasa iasachtaí a iarraidh i ndáil le hiarratais ar iasachtaí €2,000 nó níos mó.
31 Márta 2019:
Iasachtóirí a bheidh faoi réir Chéim 2, ní mór dóibh tuarascáil chreidmheasa iasachtaí a iarraidh i ndáil le hiarratais ar iasachtaí €2,000 nó níos mó.