Céard é an Príomh-Chlár Creidmheasa?

Is córas nua slán é an Príomh-Chlár Creidmheasa ina mbailítear sonraí pearsanta agus creidmheasa maidir le hiasachtaí. Is é Banc Ceannais na hÉireann a fheidhmíonn an córas faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013.

Ón 30 Meitheamh 2017, agus gach mí ina dhiaidh sin, déanfaidh iasachtóirí, lena n-áirítear bainc, comhair chreidmheasa, agus aon iasachtóir eile a thabharfaidh iasacht €500 nó níos mó do thomhaltóir, faisnéis phearsanta agus chreidmheasa maidir leis na hiasachtaí sin a aistriú chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Ar iasachtaí, áirítear morgáistí, iasachtaí pearsanta, rótharraingtí, comhaontuithe fruilcheannaigh agus Pleananna Conartha Pearsanta (PCP).

Aon fhaisnéis a aistreoidh iasachtóirí chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa, úsáidfear í chun tuarascálacha creidmheasa aonair a chruthú.

Is leis an mBanc Ceannais an fhaisnéis a choinnítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa agus is é an Banc Ceannais an rialaitheoir sonraí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí.

Is foinse faisnéise úsáidí í tuarascáil chreidmheasa agus cabhróidh sí:

  • Le tomhaltóirí chun ullmhú d’iarratas ar iasacht a dhéanamh agus chun ró-iasachtaíocht a sheachaint
  • Le hiasachtóirí nuair a bheidh cinntí á ndéanamh acu maidir le hiasachtaí

Ní hé an Príomh-Chlár Creidmheasa a dhéanfaidh cinneadh i dtaobh iasacht a cheadú nó a dhiúltú - is é an t-iasachtóir a dhéanfaidh an cinneadh sin.

I ndiaidh an 31 Nollaig 2017:

  • Féadfaidh tomhaltóirí a dtuarascáil chreidmheasa aonair a iarraidh ina mbeidh a gcuid iasachtaí sonraithe
  • Féadfaidh iasachtóirí rochtain a fháil ar an tuarascáil chreidmheasa chéanna chun cabhrú leo cinntí a dhéanamh i dtaobh iasachtaí
  • Beidh rochtain ag tomhaltóirí agus ag iasachtóirí ar an bhfaisnéis chéanna ón tuarascáil chreidmheasa

I ndiaidh an 30 Márta 2018:

  • Aistreoidh iasachtóirí airgid agus údaráis áitiúla an fhaisnéis chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa
  • Áireofar iasachtaí gnó ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa

Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le Chláir Creidmheasa