Tuarascáil Chreidmheasa

Tá.

Faisnéis Phearsanta:
Má tá d’uimhir PSP tugtha ag iasachtóir don Phríomh-Chlár Creidmheasa, beidh sí le feiceáil ar an tuarascáil chreidmheasa a gheobhaidh tusa ach ní bheidh sí ar an tuarascáil chreidmheasa a gheobhaidh d’iasachtóir.

Faisnéis chreidmheasa:
Ní bheidh d’iasachtóir in ann ach an dá bhliain is déanaí den stair aisíocaíochta a fheiceáil fad a bheidh cúig bliana de stair aisíocaíochta le feiceáil i do thuarascáil chreidmheasa féin. I gcás iasacht ghníomhach (i.e. iasacht a mbíonn íocaíochtaí fós á ndéanamh ina leith nó a mbeifear ag súil go ndéanfar íocaíochtaí ina leith), beidh an dá bhliain is déanaí d’fheidhmíocht chreidmheasa le feiceáil ag iasachtóir. I gcás iasacht scortha (i.e. iasacht a bhfuil na híocaíochtaí go léir glanta ina leith nó iasacht atá scortha ag an iasachtóir), beidh an dá bhliain dheireanacha d’fhaisnéis chreidmheasa le feiceáil ag iasachtóir.

Nuair a shlánóidh an fhaisnéis is sine cúig bliana, déanfar gach iontráil ar leith a scriosadh gach mí ina dhiaidh sin. Déanfar an fhaisnéis maidir leis an iasacht scortha a bhaint den tuarascáil chreidmheasa cúig bliana i ndiaidh na híocaíochta deiridh.

Mar shampla, má ghlanann tú iasacht i mí Eanáir 2020, beidh faisnéis a théann chomh fada siar le mí Eanáir 2018 sofheicthe ag an iasachtóir. Beidh an fhaisnéis seo sofheicthe ag an iasachtóir go dtí mí Eanáir 2023 nuair a thosófar ar an bhfaisnéis is sine (i.e. an fhaisnéis a bhí ann i mí Eanáir 2018) a scriosadh ar bhonn míosúil. Beidh an taifead iomlán scriosta faoi mhí Eanáir 2025.

Beidh ainmneacha do chuid iasachtóirí ar fad liostaithe ar an tuarascáil chreidmheasa a gheobhaidh tú. Ní fheicfidh d’iasachtóir ainmneacha aon iasachtóirí eile.

Bíonn beartas creidmheasa dá chuid féin ag gach iasachtóir. Cé go bhfuil tábhacht ag baint leis an bhfaisnéis atá i do thuarascáil chreidmheasa, cuirfidh iasachtóirí do chuid sócmhainní, d’ioncam, agus caitheachais eile ar nós cíosa nó fóntas san áireamh freisin.

Ní féidir. Cuireann an Príomh-Chlár Creidmheasa tuarascálacha creidmheasa ar fáil; ní feidir leis comhairle dlí nó comhairle airgeadais a thabhairt. Más mian leat comhairle ghairmiúil airgeadais a fháil, ba cheart duit breathnú ar Chláir an Bhainc Ceannais de ghnólachtaí údaraithe ar shuíomh gréasain Bhanc Ceannais na hÉireann.

Ní bheidh. Ní dhéanfaidh an Príomh-Chlár Creidmheasa tuarascálacha creidmheasa a scóráil nó a ghradú. Déanfaidh an t-iasachtóir d’iarratas ar iasacht a chinneadh bunaithe ar a bheartas creidmheasa féin.

Ba cheart duit do sheoladh reatha a thabhairt mar aon leis an seoladh is déanaí a bhí agat agus aon seoltaí eile a bhaineann le hiasachtaí atá agat nó a bhí agat.

Má chreideann tú go bhfuil do chuid faisnéise pearsanta mícheart, neamhiomlán nó nach bhfuil sí cothrom le dáta, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh ar dtús le d’iasachtóir(í) chun gur féidir an fhaisnéis seo a cheartú. Cinnteoidh sé seo go gceartóidh an t-iasachtóir an fhaisnéis bunaidh ar a chóras féin agus ansin ba cheart dóibh an fhaisnéis cheartaithe a chur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Má chreideann tú go bhfuil tú do chuid faisnéise creidmheasa (aon ní sa chuid sin de do thuarascáil chreidmheasa a bhaineann le Sonraí Conartha nó Sonraí Feidhmíochta) mícheart, neamhiomlán nó nach bhfuil sí cothrom le dáta, is féidir leat leasú a iarraidh ar d’iasachtóir nó ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Má tá iasacht ar iarraidh ón tuarascáil chreidmheasa, is féidir leat leasú a iarraidh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Más mian leat ráiteas míniúchain a chur isteach i do thuarascáil chreidmheasa tráth ar bith, féach ár mbileog eolais “Ráiteas Míniúcháin a chur isteach i mo Thuarascáil Chreidmheasa” agus lean na treoracha chun d’iarratas a chur i gcrích. Maidir leis an Ráiteas Míniúcháin sin:

  • beidh 200 focal ar a mhéad ann;
  • beidh sé fíorasach;
  • beidh sé i mBéarla nó i nGaeilge;
  • bainfidh sé leatsa amháin;
  • bainfidh sé le do chuid faisnéise ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa;

Ní ceadmhach an méid seo a leanas a bheith ann:

  • faisnéis lena bhféadfaí duine aonair eile a shainaithint (ar nós ainm nó áit oibre);
  • ráitis chlúmhillteacha nó gháirsiúla maidir le duine eile;
  • ábhar fánach, cráiteach nó maslach;
  • caint gháirsiúil nó mhaslach;
  • ábhar a chuirfeadh faoi deara go mbeadh an Príomh-Chlár Creidmheasa neamhchomhlíontach ó thaobh foráil dlí.

Áireofar iasacht ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa má tá sí comhionann le €500 nó níos mó, agus:

  • má tá cónaí ar an iasachtaí sa Stát an tráth a dhéanfaidh sé/sí iarratas ar iasacht, nó
  • má tá an comhaontú iasachta nó an t-iarratas ar iasacht faoi rialú ag dlí na hÉireann.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo maidir lena bhfuil ar áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Ní féidir le haon duine amhail céile/páirtí, cara, gaol, fostóir nó tiarna talún do thuarascáil chreidmheasa a fháil gan cead uaitse. Féach ár mbileog eolais “Iarratas ó thríú páirtí”.

Bainfear úsáid as an bhfaisnéis a chuirfidh iasachtóirí isteach gach mí chun tuarascáil chreidmheasa a chruthú agus stórálfar an tuarascáil sin ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Is bunachar sonraí náisiúnta é an Príomh-Chlár Creidmheasa a dhéanfaidh an méid seo a leanas, ar iarratas chuige sin:

  • tuarascáil chreidmheasa aonair a chur ar fáil d’iasachtaithe ina sonrófar a gcuid comhaontuithe creidmheasa;
  • faisnéis chuimsitheach a thabhairt d’iasachtóirí chun tacú le measúnuithe creidmheasa; agus
  • léargas níos fearr a thabhairt don Bhanc Ceannais ar threochtaí náisiúnta maidir le soláthar creidmheasa.

Ina theannta sin, tacaíonn an Príomh-Chlár Creidmheasa le hoibleagáidí agus feidhmeanna an Bhainc Ceannais, lena n-áirítear cosaint tomhaltóirí, maoirseacht a dhéanamh ar an earnáil airgeadais agus cobhsaíocht airgeadais a chinntiú.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ár leathanach ar Chosaint Sonraí.

Is féidir leat an fhoirm iarratais ar líne a líonadh isteach ar https://www.centralcreditregister.ie/ga/iasachtaithe/iarratas-a-chur-isteach/ chun do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh.

Is gá duit d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a phriontáil agus a uaslódáil i dteannta le do chuid doiciméad aitheantais.

Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne, féach ar ár leathanach Déan Teagmháil Linn.

Is féidir le hiasachtaithe, ar daoine aonair iad, iarratas ar a dtuarascálacha creidmheasa a chur isteach saor in aisce tráth ar bith, ar choinníoll nach mbeidh na hiarratais sin iomarcach i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tugtar ‘úsáid chothrom’ air seo. Is féidir le hiasachtaithe, nach daoine aonair iad (mar shampla cuideachtaí), iarratas ar thuarascáil chreidmheasa a dhéanamh uair amháin sa bhliain saor in aisce. Beidh táille €6.35 ar aon iarratas ina dhiaidh sin sa bhliain chéanna.

Tá cruthúnas ar chéannacht ag teastáil uainn chun d’iarratas a phróiseáil. Cinntíonn sé seo go gcosnaítear do chearta cosanta sonraí agus nach roinntear do chuid sonraí go míchuí.

San Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 agus sna Rialacháin, tugtar an bunús dlí chun faisnéis phearsanta a bhailiú agus a phróiseáil, uimhreacha PSP san áireamh. Chuaigh Banc Ceannais na hÉireann i gcomhairle leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí sular foilsíodh na Rialacháin seo, mar a foráladh san Acht. Mar a dhéanfar le gach faisnéis a thugtar don Phríomh-Chlár Creidmheasa, bainfear úsáid as d’uimhir PSP chun do thuarascáil chreidmheasa a aimsiú.

No míreanna le fáil.