Cosaint Sonraí

Aistríonn sé sonraí chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Faoin Acht Staidrimh 1993, foráiltear gur féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh faisnéis a fháil ó chomhlachtaí poiblí, an Banc Ceannais san áireamh. Tá aistrithe faisnéise den sórt seo ceadaithe faoin dlí um chosaint sonraí freisin. Cuireadh Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí i gcrích sula ndearnadh an t-aistriú seo.

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) oifig náisiúnta staidrimh na hÉireann agus is é an cuspóir atá aici staidreamh a bhailiú, a anailísiú agus a chur ar fáil go neamhchlaonta faoi mhuintir, sochaí agus geilleagar na hÉireann.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar www.cso.ie.

San fhaisnéis phearsanta a choinnítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, áirítear d’ainm, dáta breithe, seoladh, inscne, uimhir ghutháin agus uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP). Ní aistrítear UPSP. Eircode nó uimhir ghutháin chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh.

San fhaisnéis chreidmheasa atá ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, áirítear an cineál iasachta, amhail morgáiste, cárta creidmheasa, rótharraingt, iasacht phearsanta, iasacht gnó, fruilcheannach (FC), PCP etc; an méid atá faighte ar iasacht agus an méid atá gan íoc.

Is é Banc Ceannais na hÉireann an rialaitheoir sonraí don Phríomh-Chlár Creidmheasa agus tá feidhm ag oibleagáidí na Treorach Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an dlí um Chosaint Sonraí.

Is é an CSO an rialaitheoir sonraí don fhaisnéis nuair a aistrítear í agus tá feidhm ag oibleagáidí na Treorach Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an dlí um Chosaint Sonraí.

Ní bhainfidh an CSO úsáid as an bhfaisnéis ach amháin chun críocha staidrimh agus tuairiscithe. Ní dhéanfar aon sonraí a bhaineann le duine inaitheanta a nochtadh le haon roinn rialtais nó le comhlacht eile.

Meabhrán Tuisceana i bhfeidhm idir an Banc Ceannais agus an CSO maidir le rialú agus úsáid na sonraí agus tá sé ar fáil ár leathanach gréasáin ‘An Úsáid a bhaintear as an bPríomh-Chlár Creidmheasa’. 

Ní bheidh. Ní dhéanfaidh an t-aistriú seo difear do na sonraí atá ar do thuarascáil chreidmheasa. Cuireadh in iúl d’iasachtóirí go bhfuil roinnt de na sonraí atá curtha ar fáil acu don Phríomh-Chlár Creidmheasa maidir le hiasachtaí á roinnt anois leis an bPríomh-Oifig Staidrimh.

Is é Banc Ceannais na hÉireann an rialaitheoir sonraí don Phríomh-Chlár Creidmheasa agus tá feidhm ag oibleagáidí na Treorach Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an dlí um chosaint sonraí.

Is é an CSO an rialaitheoir sonraí don fhaisnéis nuair a aistrítear í agus tá feidhm ag oibleagáidí na Treorach Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an dlí um Chosaint Sonraí.

Is faoin iasachtóir atá sé cinneadh a dhéanamh i dtaobh aon iarratas a dhéanfaidh tú ar iasacht amach anseo bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil dó ag an am, do thuarascáil chreidmheasa agus foinsí eile san áireamh, ar nós faisnéise a bhaineann le d’ioncam, do shócmhainní etc.

Tá iasachtóirí freagrach as cruinneas na sonraí a chuireann siad chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Fad a bheidh na sonraí sin ina seilbh acu, beidh siad ina rialaitheoir sonraí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí.

Nuair a gheobhaidh an Príomh-Chlár Creidmheasa na sonraí sin, tiocfaidh Banc Ceannais na hÉireann chun a bheith ina rialaitheoir sonraí.

Má chreideann tú go bhfuil roinnt de na sonraí ar do thuarascáil chreidmheasa míchruinn, tá an ceart agat iarratas a dhéanamh chun na sonraí sin a leasú. Lean na treoracha inár mbileog eolais Iarratas a dhéanamh chun faisnéis i mo Thuarascáil Chreidmheasa a leasú.

Má iarrann tú ar an bPríomh-Chlár d’fhaisnéis a leasú, déanfaimid ár ndícheall déileáil le d’iarratas a luaithe is féidir. Seans go mbeidh orainn teagmháil a dhéanamh le d’iasachtóir agus tuilleadh faisnéise a fháil uait, rud a chuirfidh moill ar chúrsaí.
Tabharfaimid freagra ort idir 20 agus 40 lá má tá iarratas bailí déanta agat. Is é sin le rá, ní mór duit foirm iarratais a chomhlánú, doiciméid aitheantais a chur ar fáil agus leasú ar fhaisnéis i do Thuarascáil Chreidmheasa a iarraidh.
Má bhíonn tuilleadh faisnéise de dhíth orainn, beidh 15 lá ag an iasachtóir nó ag an iasachtaí, cibé duine a n-iarrfar an fhaisnéis sin orthu, freagra a thabhairt orainn.
Is fearr iarratas ar leasú faisnéise a dhéanamh chuig d’iasachtóir ar an gcéad dul síos. Tá sé tábhachtach go ndéanfar an fhaisnéis a cheartú ag an bhfoinse. Is é sin le rá, ba cheart go gceartófaí taifid an iasachtóra sula gcuirfí an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Ní hionann. Ní chruthóidh an Príomh-Chlár Creidmheasa liosta mainnitheoirí. Ní féidir le hiasachtóirí tuarascálacha creidmheasa a iarraidh ach amháin chun críche ceadaithe áirithe, ar nós iarratais ar iasacht nua.

Féadfaidh gach iasachtóir cinneadh a ghlacadh i dtaobh iasacht a cheadú nó a dhiúltú, bunaithe ní hamháin ar thuarascáil chreidmheasa ach ar shonraí maidir le hioncam agus sócmhainní, ar a mbeartas iasachta féin agus ar aon fhaisnéis eile a bheidh ag teastáil uathu chomh maith.

Tá. San Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 agus sna Rialacháin, tugtar an bunús dlí chun uimhreacha PSP a bhailiú agus a phróiseáil. Chomh maith leis sin, chuaigh Banc Ceannais na hÉireann i gcomhairle leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí sular foilsíodh na Rialacháin.

Gach uair a gheobhaidh iasachtóir rochtain do thuarascáil chreidmheasa, fágfaidh siad lorg digiteach. Is ionann lorg agus taifead den dáta, d’ainm an iasachtóra, agus den chúis a d’iarr an t-iasachtóir áirithe sin do thuarascáil chreidmheasa.

Taispeánfar an lorg sin ag bun na tuarascála agus fanfaidh sé ansin go ceann cúig bliana tar éis don iasachtóir rochtain a fháil uirthi.

No míreanna le fáil.